Idirnáisiúnta - Córas na Háige

Tá clárú dearaí ina chlárú críochach. B’fhéidir go dteastódh uait do dhearadh a chlárú lasmuigh d’Éirinn, chun cosaint san Aontas Eorpach (AE) ar fad a fáil, agus i dtíortha eile lasmuigh de AE nó i bhfad níos faide i gcéin fiú chomh maith. Le Córas na Háige maidir le Clárú Idirnáisiúnta Dearaí Tionsclaíocha soláthraítear córas láraithe clárúcháin trínar féidir leat suas le 100 dearadh a ríomhchomhdú agus díriú ar 69 críoch in aon iarratas amháin ar féidir leat é a úsáid chun tosaíocht a éileamh in iarratais eile.

Tá Éire ina Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus tá an tAontas Eorpach ina Bhall d’Acht na Háige maidir le Comhaontú na Háige (an Ghinéiv) 1999. Is féidir le duine aonair nó gnólacht ar bith in Éirinn iarratas Idirnáisiúnta a chur isteach faoi chóras na Háige. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas Idirnáisiúnta a chur isteach, an clúdach geografach agus táillí agus chun tosú, téigh go dtí

www.wipo.int/hague/en