Eolaí Óg

An mbeidh tú ag iontráil san Eolaí Óg i mbliana? Ar smaoinigh tú ar tháirge/branda/dearadh úr? Más amhlaidh, léigh an méid seo a leanas go cúramach ..

Le héifeacht ón 2 Nollaig 2019, d’athraigh Oifig na bPaitinní a hainm go dtí “Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann” (IPOI).

Sula dtosóidh tú

Ní bheidh ar fhormhór na mac léinn a bheidh páirt á glacadh acu i dTaispéantas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar phaitinn. Mar sin féin, má bhíonn gnéithe feidhmiúla nó teicniúla i do thionscadal atá úr agus nach forbairt fhollasach iad ar rud atá ann cheana, b’fhéidir go smaoineofá ar iarratas a dhéanamh ar chosaint phaitinne.

Chun go mbeifear ábalta aireagán a phaitinniú ní mór dó a bheith:

YoungScientist1

Úrnua (déan cuardach ag baint úsáid as bunachair shonraí saor in aisce amhail EspacenetGoogle Patents(Paitinní na Stát Aontaithe amháin) agus fiú bain triail as gnáthláithreáin chuardaigh amhail GoogleBing.


YoungScientist2

Samhlaíoch – gan bheith follasach do dhuine a oibríonn sa réimse teicneolaíochta (d’fhéadfadh sé bheith ina fheabhas agus buntáistí iontacha leis).


YoungScientist3

A bhféadfadh feidhm thionsclaíoch a bheith aige(e.g. a mhonarú). GAN bheith ina chuid de chatagóir eisiata, e.g. trealamh a dheartar go sonrach le haghaidh céasadh daoine nó ainmhithe!

Sula ndéanfar iarratas ar phaitinn

Sula ndéanfar iarratas ar phaitinn, ní mór duit gan nochtadh poiblí a dhéanamh maidir le do smaoineamh/aireagán, nó é a chur in úsáid go poiblí, mar shampla ag an Taispeántas. Is é an chúis leis sin go gcaithfidh sé gurb é an t-iarratas ar an bpaitinn an chéad nochtadh poiblí den aireagán. Má nochtfar an t-aireagán roimh ré ar bhealach ar bith measfar nach bhfuil an sé ina aireagán úr, agus d’fhéadfadh an phaitinn a bheith neamhbhailí.

Má bhíonn aireagán san fhearann poiblí, meastar gur ‘réamh-ealaín’ é agus nach féidir é a phaitinniú a thuilleadh i bhformhór na dtíortha, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe agus Éire.

Cuimhnigh LE DO THOIL go bhfuil fíorchostais i gceist má chinneadh tú iarratas a dhéanamh ar phaitinn, is iad na costais tosaigh sin:

Táillí tosaigh ar chur isteach na paitinne (braitheann sé seo ar an áit a ndéanfaidh tú d’iarratas ar phaitinn) – Gearrann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann €125 chun paitinn fhadtéarmach (20 bliana) a chur isteach. Chosnódh sé thart ar €389 ar an iomlán chun é a cheadú agus i ndiaidh an cheadaithe beidh táillí athnuachana i gceist chun do chosaint a choinneáil. Mar rogha eile air sin, is féidir iarratas a dhéanamh ar phaitinn ghearrthéarmach (10 mbliana) ar €60 agus bheadh na táillí bainteacha i bhfad níos ísle chomh maith.

Bíodh a fhios agat go soláthróidh Paitinn Éireannach cosaint i bPoblacht na hÉireann amháin. Ní bheidh agat ach bliain amháin ón dáta a chuir tú an t-iarratas isteach chun é a chur isteach i dtíortha eile más gá.

Is féidir leat seirbhísí saineolaí a úsáid, is é sin Aturnae cláraithe Paitinní chun d’iarratas ar phaitinn a láimhseáil. Áireofar leis sin cuardaigh agus guaim shonraíocht do phaitinne. Déanfaidh Gníomhaire/Aturnae an comhfhreagras ar fad ó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann a láimhseáil thar do cheann chomh maith. Bheadh do chuid táillí i bhfad níos airde mar gheall ar Ghníomhaire a úsáid. Is cosúil go mbeidh na mílte seachas na céadta i gceist leis na táillí.

Mura bhfuil aireagán is féidir a phaitinniú agat, is féidir leat do Mhaoin Intleachtúil eile a chosaint fós. Mar shampla, is féidir ainm/branda do tháirge a chosaint le Trádmharc. Mar rogha eile air sin, d’fhéadfá a bheith incháilithe i leith cosaint chóipchirt nó dearaidh ag brath ar an gcatagóir faoina dtagann do tháirge.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na rannóga maidir le Paitinn, Trádmharc, Dearadh agus Cóipcheart.

Má bhíonn tú ag freastal ar an Eolaí Óg i mbliana, cuir glaoch orainn nó seol ríomhphost chugainn roimhe ré, le do thoil, chun do roghanna um chosaint do Mhaoin Intleachtúil a phlé. Cuimhnigh, b’fhéidir go mbeadh sé rómhall má fhanann tú go dtí go mbeidh tú ag an taispeántas.

Tabhair cuairt ar ár seastán ina mbeidh tú ábalta tuilleadh eolais a fháil faoi mhaoin intleachtúil agus d’eolas a thástáil trí pháirt a ghlacadh inár quiz. B’fhéidir go mbuafá ceann dár duaiseanna laethúla iontacha! Táimid ag súil le buaileadh leat. Agus thar aon ní eile, ádh mór sa taispeántas agus bain sult as an eispéireas.

Féach ar thionscadail bhuaiteacha de chuid Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ó bhlianta roimhe seo:

Eolaí Óg 2018

The winner of the 2018 Intellectual Property Office of Ireland sponsored prize was Liam O'Mara from Castletroy College in Limerick. Liam won with his invention "Hel-Mate", a sensor that detects if you have a concussion.

Winner-2018

Eolaí Óg 2017

The winners of the 2017 Intellectual Property Office of Ireland sponsored prize were Lucy Leonard and Michelle Mann from Tullamore College. Lucy and Michelle won with their project 'Investigating the difference in bacterial contamination when handling and using a device to insert contact lenses'

YoungScientist2017Winner.png

Eolaí Óg 2016

The winners of this years’ Intellectual Property Office of Ireland sponsored prize Heather Murphy and Naoise Tobin from Sutton Park School who won with their project Sound Absorbing Paint.

YoungScientist2016Winner.png

Eolaí Óg 2015

YoungScientist2015Winner.png

Lauren Murphy from Loreto Secondary School, Balbriggan won the Intellectual Property Office of Ireland Special Award.   Her project was 'An aid for the rehabilitation of clenched fist in Multiple Sclerosis'.