Ráiteas Príobháideachais agus Polasaí Slándála

Príobháideachas Suímh Ghréasáin agus Cosaint Sonraí

Tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann tiomanta i dtaca le do chuid príobháideachais a chosaint agus meas a léiriú uirthi. Sa Ráiteas Príobháideachais seo, cuirtear eolas in iúl duit i ndáil leis na cearta atá agat ó thaobh an phríobháideachais de, agus leagtar amach cad é mar a dhéanaimid do chuid sonraí pearsanta a bhaineann le d’idirghníomhaíochtaí linn a bhailiú, a úsáid agus a phróiseáil. Ba chóir an Ráiteas Príobháideachais seo a léamh in éineacht lenár bPolasaí maidir le Fianáin.

Maidir le sonraí pearsanta a thugtar d’Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann de bhun na nAchtanna seo a leanas: Acht na bPaitinní, 1992 and 2009, the Acht na dTrádmharcanna 1996, an Industrial Designs Act, 2001, the Copyright and Related Rights Act, 2000  agus de bhun aon Achtanna, Rialacha nó Rialacháin eile a bhfuil freagracht reachtúil ar an Rialaitheoir Maoine Intleachtúla ina leith (e.g. ainm agus seoladh iarratasóirí, a n-ionadaithe dlíthiúla agus seoladh le haghaidh seirbhís i ndáil le hiarratas ar chearta maoine intleachtúla, nó i ndáil le maoine intleachtúil a chlárú nó a choimeád), titeann na sonraí sin lasmuigh de raon feidhme na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, más amhlaidh go mbaineann na sonraí "le sonraí pearsanta arb é atá iontu faisnéis a gceanglaítear le dlí ar an duine a choimeádann na sonraí iad a chur ar fáil don phobal". Baineann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann feidhm as cláir agus córais chuardaigh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, chomh maith le foilseacháin in Irisleabhar Oifigiúil na hOifige, chun sonraí a chur ar fáil don phobal. Titeann na sonraí sin lasmuigh de théarma an Ráitis Phríobháideachais seo.

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018, tá freagracht dhlíthiúil ar Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, mar Rialaitheoir Sonraí, i leith na nithe seo a leanas:

  • Sonraí a fháil agus a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar bhealach trédhearcach;
  • Nach gcoimeádfar iad ach amháin le haghaidh críche sonraithe agus dleathaí amháin nó níos mó;
  • Nach ndéanfar iad a phróiseáil ach ar bhealach a bheadh ag cloí leis an gcuspóir dar tugadh iad sa chéad dul síos;
  • Sonraí a choimeád atá cruinn, ábhartha agus nach bhfuil iomarcach;
  • Gad iad a choimeád níos faide ná mar is gá le haghaidh na críche sonraithe nó na gcríoch sonraithe;
  • Sonraí pearsanta a choinneáil slán agus sábháilte.

Déanann RGCS an dlí maidir le cosaint sonraí a athrú go suntasach san Eoraip cionn is go ndéantar cearta daoine aonair a láidriú agus cuirtear leis na hoibleagáidí atá ag eagraíochtaí. Tá a Ráiteas Príobháideachais uasdátaithe ag Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann chun faisnéis mhionsonraithe a thabhairt duit faoi cad é mar a phléimid leis na “sonraí pearsanta” a fhaighimid agus, go háirithe, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

  • Cineál na sonraí pearsanta a bhailíonn Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann mar thoradh ar chaidreamh na hOifige lena hiarratasóirí agus a custaiméirí sa chumarsáid a dhéanann siad leis an Oifig, agus san úsáid a bhaineann siad as suíomh gréasáin, feidhmchláir mhóibíleacha agus seirbhísí ar líne na hOifige
  • Cad é mar a fhaighimid agus a phróiseálaimid sonraí pearsanta
  • Cad é mar a úsáidimid sonraí pearsanta
  • Nochtadh nó aistriú sonraí pearsanta
  • Coinneáil/Stóráil Sonraí
  • An bunús dlí atá againn le sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid
  • Na cearta atá agat faoi RGCS
  • Cad é mar a dhéanaimid rialacha maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh

Na sonraí a bhailímid fút

Tá bunús dlí ag Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann le do chuid sonraí pearsanta a bhailiú. Ní foláir do na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn agus a phróiseálann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann oibleagáidí reachtúla a shásamh a leagtar amach sna hAchtanna agus Rialacha éagsúla faoina mbíonn an Oifig ag feidhmiú agus i gcomhréir le dlíthe cosanta sonraí na hÉireann agus AE.

Áirítear leis na sonraí pearsanta a bhailíonn agus a choimeádann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann faisnéis atá de dhíth le thú a aithint, do mhionsonraí teagmhála agus faisnéis i ndáil le haon chumarsáid a bhféadfaí a bheith agat leis an Oifig i dtaca le cúrsaí maoine intleachtúla a bhfuil feidhmeanna agus freagracht reachtúil ar an Rialaitheoir ina leith faoi na hAchtanna agus Rialacha éagsúla.

D’fhéadfaimis sonraí pearsanta a bhailiú uait fosta nuair a bhaineann tú úsáid as ár suíomh gréasáin nó nuair a ghlacann tú páirt i suirbhé atá á fheidhmiú ag an Oifig, nó nuair a dhéanann tú teagmháil linn. Go sonrach, d’fhéadfaimis na catagóirí faisnéise seo a leanas a bhailiú ar féidir sonraí pearsanta a bheith iontu:

  • Ainm, seoladh baile, seoladh r-phoist, uimhir theileafóin, agus sonraí cárta creidmheasa/dochair nó íocaíochta eile;
  • Faisnéis Maoine Intleachtúla a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a iarraidh, a dheonú, agus a chlárú, atá taifeadta, foilsithe agus stóráilte ar ár gcláir agus inár mbunachair sonraí;
  • Faisnéis faoin úsáid a bhaineann tú as suíomh gréasáin agus seirbhísí ar líne Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann;
  • An chumarsáid a dhéanann tú le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann nó a chuireann tú chugainn trí litreacha, teachtaireachtaí r-phoist, seirbhísí íocaíochta táillí, scairteanna, agus tríd na meáin shóisialta.

Maidir le haon fhaisnéis phearsanta a thugtar d’Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann nuair a dhéantar foirm iarratais a chomhlánú nó a thugtar i bhformáid eile le haghaidh ceann ar bith de na seirbhísí a dhéanann an Oifig a chur ar fáil nó a riar, ní úsáidfidh an Oifig an fhaisnéis sin ach chun na críche nó chun na gcríoch dá dtugtar í.

Mar a dhéanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí a fháil agus a phróiseáil

Gheobhaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta uait go díreach mar thoradh ar an úsáid a bhaineann tú as seirbhísí na hOifige agus an chumarsáid a dhéanann tú linn. Ó am go chéile, faigheann an Oifig sonraí pearsanta ó oifigí maoine intleachtúla eile fosta. Déanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a phróiseáil d’fhonn a chur ar a cumas soláthar seirbhísí a bhainistiú faoi mar a bhaineann siad le hiarratais ar chearta maoine intleachtúla, chomh maith leis na cearta sin a dheonú, a chlárú agus a choimeád, agus foilsiú sonraí na gceart sin inár mbunachair sonraí agus cláir phoiblí, agus san Irisleabhar Oifigiúil.

  • Cad é mar a bhaineann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann úsáid as sonraí pearsanta
  • Féadfar sonraí pearsanta a úsáid chun na gcríoch seo a leanas:
  • Seirbhísí a sholáthar i ndáil le Cearta Maoine Intleachtúla a iarraidh, a dheonú agus a chlárú.
  • Teagmháil a dhéanamh le daoine ar mhodh meabhrúcháin a eisiúint i dtaca le Cearta Maoine Intleachtúla a choimeád.
  • Cumarsáid maidir lenár seirbhísí agus aon athruithe i leith na seirbhísí sin.

Fíorú/Scagadh cárta creidmheasa nó cárta íocaíochta eile. Ní choinnímid uimhreacha cárta creidmheasa ná dochair. Baineann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann úsáid as faisnéis íocaíochta amhail ainmneacha agus seoltaí íocóirí d’fhonn tuairiscí táillí a choimeád agus chun críocha cuntasaíochta agus iniúchóireachta agus chun aon earráidí nó gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhrath agus/nó a chosc.

Críocha riaracháin nó dlíthiúla, e.g. anailís staitistiúil, tástáil, cothabháil agus forbairt córas, suirbhéanna custaiméara/úsáideora, nó chun plé le freagraí ar fhógraí, díospóidí agus éilimh.

Slándáil, sláinte, riarachán, cosc ar an gcoireacht, brath coireanna Féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a chomhroinnt le húdaráis eile rialtais nó comhlachtaí forfheidhmithe d’fhonn ceanglais dlí a chomhlíonadh.

Cé dar féidir le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh

Ní dhéanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a chomhroinnt le tríú páirtithe ach nuair a bhíonn gá leis sin chun críocha dlisteanacha gnó, críocha dlí agus rialála, agus chun críocha comhlíonta (e.g. chun ceanglais shainordaitheacha tuairiscithe i gcomhaontuithe agus conarthaí idirnáisiúnta a shásamh)

Áirítear ar shamplaí de na tríú páirtithe sin:

  • Oifigí maoine intleachtúla náisiúnta nó idirnáisiúnta eile.
  • Údaráis reachtúla, rialála agus forfheidhmithe dlí mar a éilítear leis an dlí.
  • Tríú páirtithe a chuireann seirbhísí i gcrích don Oifig, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí TF, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, agus soláthraithe slándála.
  • Comhlachtaí cárta creidmheasa agus cárta dochair a dhéanann éascaíocht ar íocaíochtaí le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, agus scagadh frithchalaoise, a bhféadfadh gá a bheith acu leis le faisnéis maidir le modhanna íocaíochta chun íocaíocht a phróiseáil nó chun slándáil idirbhirt íocaíochta a áirithiú.

Má bhíonn tríú páirtithe mar sin ag feidhmiú go hidirnáisiúnta, déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann iarracht chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar aon aistriú sonraí pearsanta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó lasmuigh de, i gcomhréir le haon chomhaontuithe agus conarthaí idirnáisiúnta is infheidhme agus leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Le forálacha reachtúla, ceadaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann cóipeanna dá bunachar sonraí trádmharcanna a chur ar fáil faoi cheadúnas, agus féadfaidh go mbeidh sonraí pearsanta sa bhunachar sonraí sin a chuir iarratasóirí isteach chuig Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann chun trádmharcanna a chlárú agus le haghaidh trádmharcanna cláraithe. Ní chuimsítear sa bhunachar sonraí ceadúnaithe ach sonraí a bhfuil oibleagáid dlí orainn iad a fhoilsiú.

Féadfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann faisnéis a chur ar fáil ina mbeidh sonraí pearsanta faoi na Rialacháin maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, 2005 (IR 279 de 2005).).

Cá fhad a choinníonn Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta

Ní choinneoidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críche ar ina leith a bhfuarthas nó ar tíolacadh ia, agus má iarrtar, de réir mar a iarrtar, chun críocha reachtúla, dlí, rialála, agus chun críocha dlisteanacha gnó agus oibriúcháin.

An bunús dlí faoina ndéanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid


Déanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil chun feidhmeanna reachtúla an Rialaitheora a chomhlíonadh agus chun na hoibleagáidí reachtúla a leagtar amach sna hAchtanna agus Rialacha éagsúla faoina bhfeidhmíonn Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

Déanann an Oifig sonraí pearsanta a phróiseáil chomh maith ionas go mbeidh ar a cumas feidhmiú mar Oifig Maoine Intleachtúla náisiúnta an Stáit agus d’fhonn gnó a dhéanamh ar bhealach freagrach agus dleathach i gcomhréir leis na hAchtanna agus Rialacha thuas agus leis na Conarthaí Idirnáisiúnta éagsúla ar páirtí iontu an Stát.

Áirítear ar ghníomhaíochta a dhéantar ar an mbunús sin:

  • Sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go mbeimid ábalta ár seirbhísí éagsúla a sholáthar a bhaineann le hiarratais ar chearta IP chomh maith le deonú, clárú agus coimeád na gceart sin a thaifeadadh agus a fhoilsiú.
  • Íocaíochtaí táille i ndáil leis na cearta sin a phróiseáil.
  • Iarratais ar dheimhnithe KDB a phróiseáil.
  • Iarratais ar chlárú ceadúnas, sannachán, cumasc, agus leasanna slándála eile a phróiseáil.
  • Gníomhairí paitinne agus trádmharcanna a rialú agus cláir gníomhairí paitinne agus trádmharcanna a choimeád.
  • Comhlachtaí ceadúnaithe cóipchirt a rialú.
  • Éisteachtaí a reáchtáil agus breithiúnas a thabhairt ar dhíospóidí i gcomhréir leis na forálacha cuí mar a leagtar amach sna hAchtanna agus Rialacha.

Ní dhéanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann sonraí pearsanta a nochtadh, a roinnt ná a fhoilsiú a cheanglaítear uirthi de réir reachta iad a choinneáil faoi rún.

Cearta cosanta sonraí faoi RGCS

Tá na cearta atá ag daoine aonair (nó “ábhair sonraí”) faoin Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ar aon dul leis na cearta sin a cuireadh ar bun faoin gcóras maidir le cosaint sonraí a bhí ann roimhe, ach tá athruithe áirithe curtha i bhfeidhm.

Mar “ábhar sonraí” tá na cearta seo a leanas agat:

  • An ceart rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta.

    Tá sé de cheart ag ábhair sonraí go dtabharfar cóipeanna dá sonraí pearsanta dóibh mar aon le mionsonraí áirithe i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta.

  • An ceart chun faisnéise.

    Tá sé de cheart ag ábhair sonraí go dtabharfar faisnéis áirithe dóibh, go ginearálta ag an am a fuarthas a sonraí pearsanta. Déanaimid an oibleagáid sin a chomhlíonadh in ár Ráiteas Príobháideachais.

  • An ceart chun ceartúcháin.

    Tá sé de cheart ag ábhair sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta míchruinne atá ag Rialaitheoir ina leith a cheartú.

  • An ceart chun agóid a dhéanamh agus próiseáil a shrianadh.

    Tá sé de cheart ag ábhair sonraí a éileamh ar Rialaitheoir próiseáil a sonraí a shrianadh in imthosca áirithe, agus de cheart acu agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a sonraí pearsanta in imthosca áirithe.

  • Cearta i ndáil le cinnteoireacht uathoibrithe.

    Tá sé de cheart ag ábhair sonraí gan a bheith faoi réir próiseáil atá iomlán uathoibrithe agus a mbeidh éifeachtaí dlí aici nó a n-imreoidh tionchar suntasach orthu ar bhealach eile, agus atá beartaithe chun nithe pearsanta a mheas, amhail inchairde nó feidhmíocht ar an obair, ach amháin má bhíonn ceann as líon teoranta eisceachtaí i bhfeidhm.

  • An ceart cun léirscriosadh pearsanta a iarraidh

    In imthosca áirithe, tá sé de cheart ag ábhar sonraí léirscriosadh a shonraí pearsanta a iarraidh*.

*Déantar foráil i ndlíthe maoine intleachtúla an Stáit maidir le sonraí iarratasóirí ar chearta maoine intleachtúla agus sonraí dílseánach ceart maoine intleachtúla a fhoilsiú, sonraí pearsanta san áireamh. Áirítear ar na sonraí sin na sonraí a thíolacann daoine dlítheanacha, agus áireofar orthu sonraí pearsanta chomh maith, amhail ainmneacha agus seoltaí daoine aonair. Nuair atá oibleagáid ar Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann faoin dlí sonraí mar sin a fhoilsiú (nó iad a chur ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí) ina bunachair sonraí, cláir agus Irisleabhar Oifigiúil, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag an gceart chun léirscriosadh a iarraidh ná an ceart chun próiseáil a shrianadh. Má fhaigheann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann iarrataí ó ábhair sonraí ag iarraidh a gceart go ndéanfaí léirscriosadh, nó go gcuirfí srian le próiseáil, a fheidhmiú, déanfaimid measúnú an féidir na sonraí a léirscriosadh nó a shrianadh ag féachaint do na hAchtanna agus na Rialacha agus gan cur as do chumas Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann a feidhmeanna reachtúla a chur i gcrích.

Slándáil sonraí pearsanta

Leanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann nósanna imeachta dochta slándála maidir le sonraí pearsanta a stóráil agus a nochtadh, agus cosaint na sonraí sin ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme. Úsáidtear teicneolaíocht SSL (Sraith Soicéad Slán) chun na sonraí a thugann tú dúinn a chosaint. An modh caighdeánach tionsclaíoch is ea SSL chun faisnéis phearsanta agus mionsonraí cárta creidmheasa a chriptiú ionas go bhféadtar iad a aistriú go slán thar an Idirlíon.

Úsáidimid teicneolaíocht Shraith Soicéad Slán (SSL) chomh maith chun slándáil do chuid faisnéise cárta creidmheas a áirithiú nuair a úsáideann tú do chárta chun táillí Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann a íoc ar ár suíomh gréasáin. Feicfidh tú an glas fraincín ar thaispeáint slándála do bhrabhsálaí a léiríonn go ndearnadh aistriú na sonraí ar fad idir do bhrabhsálaí agus ár suíomh a chriptiú.

Faisnéis phearsanta i ndáil le híocaíochtaí ar líne

Is gá d’Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann méid áirithe faisnéis phearsanta a thugtar chun táillí a íoc ar líne a choimeád. Déanaimid a laghad faisnéise a choimeád is gá chun cur ar ár gcumas dúinn plé le haon fhiosruithe leantacha a bhféadfadh a bheith agat i ndáil le d’idirbheart íocaíochta. Má úsáideann tú cárta léasair nó cárta creidmheasa chun íocaíocht a dhéanamh linn, ní choimeádfaimid ach mionsonraí a bhaineann le d’ainm agus seoladh. Ní choimeádaimid aon mhionsonraí cárta léasair ná creidmheasa. Déanann Global Payments na mionsonraí sin a choimeád ar ár son (féach an Nochtadh thíos) agus féadfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann nasc slán gréasáin a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Nochtadh

D’fhonn íocaíocht ar líne a chur i gcrích go sásúil, caithfidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann faisnéis cárta creidmheasa áirithe a chur chuig Global Payments, an soláthraí slán le haghaidh íocaíochtaí ar líne atá againn. Ní dhéantar ach an méid is lú faisnéise a aistriú is gá chun an t-idirbheart a chur i gcrích. Ní dhéantar an fhaisnéis sin a choimeád in aon am ar shuíomh gréasáin Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann. Déantar í a aistriú go díreach chuig Realex i bhformáid chriptithe.

Seoltaí IP a ghabháil

Is é is seoladh IP ann ná seoladh óna ndéanann tú rochtain ar ár suíomh gréasáin (an uimhir a shanntar go huathoibríoch don ríomhaire nó gléas móibíleach nuair atá tú ag scimeáil an ghréasáin). Úsáidimid seoltaí IP lenár suíomh gréasáin a riar, le hanailís a dhéanamh ar threochtaí, le hamharc ar ghluaiseachtaí úsáideoirí ar ár suíomh gréasáin (i.e. na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu) agus le faisnéis staitistiúil a chruinniú. Ní nasctar iad le faisnéis atá go pearsanta inaitheanta. (Féach an t-alt thíos maidir leis an úsáid a bhaineann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann as Anailísíocht Google.)

Fianáin

Comhaid bheag téacs is ea fianáin a íoslódáiltear chuig do ríomhaire do gléas móibíleach nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin nó feidhmchlár. Seolann an brabhsálaí gréasáin atá agat (amhail Internet Explorer, Mozilla Firefox nó Google Chrome) na fianáin sin ar ais chuig an suíomh gréasáin nó feidhmchlár ar gach cuairt ina dhiaidh ionas gur féidir leo thú a aithint agus cuimhneamh ar rudaí amhail sainroghanna úsáideora. Má leanann tú ar aghaidh ár suíomh gréasáin a úsáid gan do chuid socruithe a athrú, tá tú ag aontú lenár n-úsáid as fianáin.

Cuirfidh bunús na mbrabhsálaithe ar do chumas a fheiceáil cad iad na fianáin atá stóráilte ar do ríomhaire nó gléas móibíleach agus an rogha agat iad a scriosadh ceann ar cheann, bac a chur roimh fhianáin tríú páirtí, bac a chur roimh fhianáin ó shuíomhanna ar leith, bac a chur roimh gach fianán a sheoladh agus gach fianán a scriosadh nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí. Féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí le fáil amach cén dóigh bac a chur roimh fhianáin. Tabhair do d’aire má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, d’fhéadfadh nach bhfeidhmeodh cuid de na gnéithe ar ár suíomh gréasáin mar is ceart. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go gcaillfear aon sainroghanna atá roghnaithe agat má scriosann tú fianáin.

Úsáid Anailísíocht Google

Úsáideann ár suíomh gréasáin Anailísíocht Google, seirbhís anailísíochta gréasáin á cur ar fáil ag Google, Crp. ("Google"). Úsáideann Anailísíocht Google "fianáin", arb iad comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar cad é mar a bhaineann úsáideoirí úsáid as an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) a tharchur chuig Google, a stórálfar í ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáidfidh Google an fhaisnéis sin chun an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin a mheas, chun tuairiscí maidir le gníomhaíocht suímh ghréasáin a thiomsú le haghaidh oibritheoirí suíomhanna gréasáin, agus chun seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht suímh ghréasáin agus úsáid idirlín a sholáthar. Féadfaidh Google an fhaisnéis sin a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh faoin dlí, nó nuair a dhéanann tríú páirtithe mar sin an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google ceangal idir do sheoladh IP agus aon sonraí eile atá i seilbh Google. Féadfaidh tú úsáid fianán a dhiúltú ach na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Bí ar an eolas, ámh, má dhéanann tú é sin, féadfar nach mbeidh tú ábalta feidhmiúlacht iomlán ár suímh ghréasáin a úsáid. Má úsáideann tú ár suíomh gréasáin, toilíonn tú leis an bpróiseáil sonraí faoi dtaobh díot ag Google ar an dóigh agus chun na gcríoch a leagtar amach thuas.

Rialaitheoir Sonraí

Rialaitheoir sonraí is ea Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ar aon sonraí pearsanta atá á coimeád nó bailithe aici chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018.

Oifig neamhspleách reachtúil is ea Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann faoi choimirce na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Tá an tOifigeach Cosanta Sonraí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann leis an Ráiteas Príobháideachais seo.

Má bhíonn aon cheisteanna agat i dtaca leis an bhfógra seo nó más mian leat aon nithe a phlé a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, déan teagmháil linn ar ríomhphost dataprotection@enterprise.gov.ie nó tríd an bpost chuig: Rannóg na Cosanta Sonraí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30, marcáilte faoi bhráid Celyna Coughlan, Uas., Oifigeach Cosanta Sonraí.

Rochtain ar shonraí pearsanta

Is féidir le duine aonair iarratas cosanta sonraí ar rochtain ach Iarratas Duine ar a Shonraí a chomhlánú agus a sheoladh chuig: Rannóg na Cosanta Sonraí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30, marcáilte faoi bhráid Celyna Coughlan, Uas., Oifigeach Cosanta Sonraí.

Oifigeach Cosanta Sonraí


Is féidir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig dataprotection@enterprise.gov.ie

Iarratas Duine ar a Shonraí a chur isteach

Caithfidh tú Iarratas Duine ar a Shonraí chun cóip de do chuid faisnéise pearsanta a iarraidh orainn. Caithfear an fhoirm seo a chomhlánú ina hiomláine agus a sheoladh chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí atá againn. Beidh ort Cruthúnas Céannachta sásúil a chur ar fáil dúinn mar chuid den phróiseas seo. Ba chóir duit a bheith chomh sonrach agus is féidir agus an fhaisnéis phearsanta atá tú ag lorg uainn á hainmniú agat. Cuideoidh sin linn seirbhís éifeachtach éifeachtúil a chur ar fáil duit.

Má bhíonn cuidiú de dhíobháil ort agus an fhoirm iarratais Iarratas Duine ar a Shonraí á comhlánú agat, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, Celyna Coughlan, ag an seoladh seo: dataprotection@enterprise.gov.ie nó ar an teileafón ag: (01) 631 2398.

Go ginearálta, ní ghearrtar táille ar dhaoine aonair a iarrann rochtain ar a dtaifeadtaí pearsanta.

Cúiseanna buairimh agus Gearáin


Tá sé de cheart agat ábhar buairimh, gearán, nó ceist a chur in iúl in aon am do Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí, arb é an t-údarás maoirseachta cosanta sonraí faoi chomhair Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann mar rialaitheoir sonraí Éireannach. Más mian leat ábhar buairimh nó ceist a chur in iúl do Choimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí, beidh ort scríobh chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí agus mionsonraí faoin ábhar a thabhairt, agus an fhoirm chuí a úsáid atá ar fáil ó www.dataprotection.ie

Mionsonraí teagmhála don Choimisiún um Chosaint Sonraí:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí,

Teach na Canála

Bóthar an Stáisiúin

Cúil an tSúdaire

Co. Laoise

R32 AP23

Fón +353 (0761) 104 800 | Glao Áitiúil 1890 25 22 31 | Facs +353 57 868 4757

seoladh ríomhphoist info@dataprotection.ie

Féadfaidh athruithe teacht ar pholasaí Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ó am go chéile, agus má dhéantar aon athruithe don ráiteas, beidh fógra ar ár suíomh gréasáin leis na hathruithe sin a chur in iúl.

Nollaig 2019