Táillí Reachtúla

Sna naisc seo a leanas soláthraítear rochtain ar na Táillí Reachtúla is iníoctha le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann agus ar na modhanna íocaíochta a ghlacann an Oifig. Chomh maith leis na táillí reachtúla a ghearrtar, ba cheart d’iarratasóirí smaoineamh ar na costais a bhaineann le húsáid a bhaint as seirbhísí gairmí amhail gníomhaire paitinní nó gníomhaire trádmharcanna. D’fhéadfadh na costais a bheith éagsúil ag brath ar mhéid na comhairle agus an chúnaimh a lorgaítear.

Táillí Paitinní

Sceideal-Táillí-Paitinní.pdf (size 244.1 KB)

Táillí Trádmharcanna

Sceideal-Táillí-Trádmharcanna.pdf.pdf (méid 220 KB)

Táillí Dearaí

Sceideal-Táillí-Dearaí.pdf (size 122.4 KB)

Modhanna íocaíochta

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach nglacfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ach le híocaíocht táille trí mhodh leictreonach amháin.

Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas ar fáil:

Ar líne -    na táillí ar fad a bhaineann le hiarratais ar Thrádmharcanna nó ar Dhearaí náisiúnta nó táillí le haghaidh dheonú nó athnuachan na bPaitinní.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbeifear ábalta táillí reachtúla ar bith eile a íoc ar líne go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Tríd an nguthán - tá ár n-oifig oscailte ón Luan go hAoine 9.30am go 5pm.

RAA/Sonraí Bainc – más mian leat íoc trí Ríomhaistriú Airgid bain úsáid as an bprótacal seo a leanas, le do thoil.

Ba cheart na táillí a íoc in EURO