Dámhachtainí Fiontair Mac Léinn

award

Tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann an-sásta bheith páirteach i nDámhachtainí Fiontair Mac Léinn - 2019-2020, mar ba mhaith linn fiontraithe faoi oiliúint a spreagadh chun feasacht a léiriú ar Maoin Intleachtúil agus ar an luach a bhaineann le cearta maoine intleachtúla agus iad i mbun smaoineamh gnó a fhorbairt agus fiontar rathúil a bhunú agus a reáchtáil.

Bronnfar dámhachtain speisialta, a bheidh urraithe ag Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta, i ngach catagóir.

Déanfar moltóireacht ar na mic léinn de réir a dtuisceana ar réimse na maoine intleachtúla do ghnó agus conas a bhreithnigh siad na ceisteanna éagsúla um maoin intleachtúil i ndáil lena bhfiontair mic léinn féin. Mar shampla, an dóigh a ndearna foireann taighde ar uathúlacht a mbranda, an dóigh a sainaithin siad cearta maoine intleachtúla ar le daoine eile iad ar gá dóibh bheith ar an eolas fúthu chun cead a iarraidh ina leith, agus má bhreithnigh nó an dóigh a mbreithnigh siad ar an dóigh lena maoin intleachtúil féin dá bhfiontar mic léinn a chosaint.  

Catagóirí na nDámhachtainí:

Dámhachtain um Maoin Intleachtúil (Catagóir na Sóisear) Dearbhán One4all €200

Dámhachtain um Maoin Intleachtúil (Catagóir Idirmheánach) Dearbhán One4all €250

Dámhachtain um Maoin Intleachtúil (Catagóir na Sinsearach) Dearbhán One4all €300

Conas Iontráil:

Chun iontráil, ní mór do na mic léinn rannóg ar Mhaoin Intleachtúil a chuimsiú ina dtuarascáil ghnó a chuirfear isteach don Bhabhta Ceannais Náisiúnta, a chaithfear a chur isteach faoin spriocdháta, a fógrófar go luath.

Cén fáth a bhfuil maoin intleachtúil chomh tábhachtach sin?

Tá brandáil d’earraí/seirbhísí nó an chuma atá ar do tháirge an-tábhachtach. Chomh maith leis sin, ní mór duit a chinntiú nach sáróidh an teicneolaíocht a d’fhéadfá a úsáid i do tháirge agus an litríocht chur chun cinn a phriontálfá cearta duine ar bith eile. Ciallaíonn sé sin ar fad go gcaithfidh tú breathnú ar cheann amháin nó níos mó cineálacha éagsúla maoine intleachtúla agus an dóigh a bhféadfadh sé seo dul i gcion ar do ghnó. Cuimhnigh! tá cineál éigin maoine intleachtúla ag gach gnó agus tá maoin intleachtúil an-tábhachtach do rath do ghnó.

Is féidir leat muid a leanúint ar Facebook freisin chun ár n-eolas is déanaí a fháil.

Maoin Intleachtúil i do Ghnó

Do bhranda a roghnú - an bhfuil sé faoi thrádmharc cheana? Táirge úr - an féidir é a phaitinniú nó an dearadh é nó b’fhéidir gurb é an dá rud é? An féidir do shaothar a chur faoi Chóipcheart? Is iad sin ceisteanna ba chóir do gach gnó smaoineamh orthu agus gnó á chur ar bun acu.

Cad chuige maoin intleachtúil?

Ba cheart fios a bheith agat ar an dóigh le Maoin Intleachtúil a úsáid, a chosaint agus leas a bhaint aisti bheith ina thoisc thábhachtach le cur san áireamh ag duine ar bith agus gnó nó fiontar nua á chur ar bun acu.

Faigh tuilleadh eolais:

Breathnaigh ar an eolas breise agus ar IP-Panorama a chuideoidh leat do thuiscint ar ról na maoine intleachtúla sa ghnó a fhorbairt.

Your own IP

Féach ar an dóigh a n-imríonn cearta teibí maoine intleachtúla tionchar ar ghnáth-tháirgí laethúla.

Déan iniúchadh ar na cineálacha éagsúla Maoine Intleachtúla :

· Cóipcheart

· Paitinn

· Dearadh

· Trádmharc

IP-Panorama

Bain úsáid as uirlis r-fhoghlama IP PANORAMA chun d’fheasacht ar mhaoin intleachtúil a mhéadú agus chun eolas praiticiúil a fháil faoi mhaoin intleachtúil a úsáid le haghaidh rath gnó.

Leabhar Oibre na Maoine Intleachtúla:

Féach ar Chaibidil 4 den Leabhar Oibre maidir le Dámhachtainí Fiontair Mac Léinn agus ar an mBileog Eolais atá le cur i gcrích mar chuid de do thuarascáil.

The timetable of events, rules; judging criteria; marking scheme and advice from judges, are available at www.studententerprise.ie