Costais ar mhaoin intleachtúil a thuiscint

Tá praghsáil táirge úir nó seirbhíse úir ina toisc ríthábhachtach le go n-éireoidh leo. Chun cinneadh a dhéanamh faoi phraghas, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh amhail costas an táirgthe, an dáileacháin, díolachán agus an praghas a bheidh an margadh sásta a íoc.

Mar an gcéanna, ní mór na costais a bhaineann le cosaint Maoine Intleachtúla a chur san áireamh ar an mbealach céanna le costais forbartha nó mhargaíochta eile.

Tá táillí i gceist leis na príomhchearta um Maoin Intleachtúil, go háirithe Trádmharcanna, Paitinní agus Dearaí Tionsclaíocha. Níl córas clárúcháin ar bith ann le haghaidh ceart amhail Cóipcheart agus Rúin Trádála agus mar sin ní bheidh táillí gaolmhara ar bith i gceist le haghaidh cosanta.

Le tuiscint a fháil ar cad ba cheart duit a bheith ag súil leis i dtaca le costais maoine intleachtúla, is é seo miondealú simplí.

Cosaint a fháil

I gcás na dtrí phríomhchirt, Trádmharcanna, Paitinní agus Dearaí Tionsclaíocha, beifear ag súil go n-íocfaidh tú táille um chomhdú lena soláthrófar dáta comhdaithe agus uimhir maoine intleachtúla duit. Is féidir d’iarratas a chur tríd an bpróiseas riaracháin agus scrúdaithe lena mbaineann ansin.

I gcás paitinní fadtéarmacha, beidh táille chuardaigh infheidhme chomh maith.

B’fhéidir go dteastódh seirbhísí aturnae paitinní nó trádmharcanna chun an costas ar iarratas a ullmhú, a chomhdú agus a ionchúiseamh le haghaidh ceart maoine intleachtúla chomh maith. Is féidir leis a bheidh casta a bheag nó a mhór iarratas a dhréachtú ag brath ar an gcineál cirt a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith. Go sonrach, tá sé casta sonraíocht phaitinne a dhréachtú agus ba cheart seirbhísí aturnae a fháil chun an t-iarratas a dhéanamh agus chun idirphlé a dhéanamh ina dhiaidh sin leis an Oifig maidir leis an bpróiseas scrúdaithe.

Má éiríonn leis, gearrfar táille chlárúcháin le haghaidh na n-iarratas ar Dearadh agus ar Thrádmharc araon. Tugtar táille deontais ar an táille choibhéiseach i gcomhair Paitinní. Nuair a gheofar na táillí sin, eiseofar deimhniú oifigiúil den chlárú/deontas chugat.

Chun an chosaint a choinneáil i bhfeidhm

Bíonn Trádmharcanna bailí ar feadh deich mbliana agus is féidir iad a athnuachan ar bhonn deich mbliana trí tháille athnuachana a íoc.

Tá saolré uasta fiche bliain ag paitinní agus más mian leat an chosaint iomlán fiche bliain a fháil, beidh ort táille bhliantúil athnuachana a íoc ón tríú bliain go dtí an fichiú bliain.

Is é fiche a cúig bliain an t-uastéarma cosanta le haghaidh Dearaí Tionsclaíocha. Más mian leat an chosaint iomlán fiche a cúig bliain a fháil, beidh ort táille bhliantúil athnuachana a íoc gach cúig bliana go dtí an fichiú bliain ar a mhéad.

Bí ar an eolas nach bhfuil tú i gconradh agus gur féidir leat an chosaint a stopadh ag am ar bith trí scor de na táillí athnuachana a íoc. Éagfaidh do chosaint go huathoibríoch.

Cuimhnigh go bhfuil cearta maoine intleachtúla ina gceart críochacha má bhíonn tú lorg cosanta lasmuigh d’Éirinn, beidh gá le táillí breise a íoc. Ag brath ar cá háit a dteastaíonn cosaint uait, d’fhéadfadh méadú suntasach a bheith ar an gcostas.

Ba cheart cinntí maidir le cá háit le cosaint a lorg agus na costais lena mbaineann a chur san áireamh mar chuid de do straitéis tosaigh ghnó.

Táillí maoine intleachtúla

Is féidir liosta iomlán na dtáillí a fháil faoi Bainistigh Maoin Intleachtúil – Táillí Reachtúla.

Is féidir faisnéis a baineann leis na costais ar chosaint thar lear a fháil ag – Cosaint Thar Lear.

Information regarding costs in other European countries can be found on the Innovaccess IP Portal.