Táillí Reachtúla Trádmharcanna

Is táillí bunúsacha iad seo a leanas chun clárú a fháil agus a athnuachan.

Ar Iarratas

Is é €70.00 an táille thosaigh. Má bhíonn earraí nó seirbhísí san iarratas i níos mó ná aicme amháin mar sin beidh táille €70 i gceist do gach aicme bhreise.

Ní mór táille an iarratais a íoc laistigh de mhí amháin ó dháta chur isteach an iarratais, agus mura ndéanfar amhlaidh, measfar gur tréigeadh an t-iarratas.

Ar chlárú

Má éiríonn leis an iarratas, beidh táille chlárúcháin €177.00 le híoc (beag beann ar líon na n-aicmí ar a ndearnadh iarratas).

Ar athnuachan

Is é €250 an táille le haghaidh clárú trádmhairc a athnuachan a chaithfear a íoc gach deich mbliana ó dháta chur isteach an iarratais. Má bhaineann an clárú le roinnt aicmí, tá táille aicme €125 ann do gach aicme bhreise thar ceann a bheidh á hathnuachan.

Sceideal Iomlán na dTáillí

Tá táillí eile ann le haghaidh cúrsaí amhail iarratais chun earraí nó seirbhísí a shrianadh nó iarratas chun an t-iarratas a leasú, le haghaidh athrú taifeadta ainm agus seolta, sannachán agus ceadúnas etc. Tá sceideal iomlán na dTáillí a bhaineann le trádmharcanna cuimsithe sna Rialacha maidir le Paitinní, Trádmharcanna agus Dearaí (Táillí) (Leasú), 2012Fees(S.I. No 30 of 2012) and le Paitinní, Trádmharcanna agus Dearaí (Táillí) 2001 (I.R. Uimh. 482 de 2001). ). Find out more about the Mhodhanna na nÍocaíochtaí..