Na buntáistí a bhaineann le Clárú Dearaí

Is féidir le dearadh tionsclaíoch cur le luach táirge. Is féidir leis táirge a dhéanamh mealltach agus tarraingteach do chustaiméirí, agus d’fhéadfadh sé fiú a bheith mar an pointe uathúil díola. Mar sin d’fhéadfadh sé bheith ina chuid ríthábhachtach de straitéis ghnó dearthóra nó monaróra ar bith dearaí luachmhara a chosaint.

Trí dhearadh tionsclaíoch a chosaint trína chlárú, tugtar an ceart eisiach don úinéir chun a chóipeáil nó a aithris neamhúdaraithe ag daoine eile a chosc. Tá ciall tráchtála leis sin toisc go gcuireann sé feabhas ar iomaíochas gnó agus go minic tugtar isteach ioncam breise mar gheall air ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

  • Le clárú cuirtear cosc ar iomaitheoirí dearadh a chóipeáil nó aithris a dhéanamh air, agus mar sin neartófar do staid iomaíoch.
  • Le clárú dearaidh luachmhaire cuidítear le toradh cóir a fháil ar bhrabúis infheistíochta toisc gur sócmhainní gnó is ea dearaí tionsclaíocha lenar féidir luach tráchtála cuideachta agus a táirgí a mhéadú. Dá mhéad rath a bhíonn ar dhearadh, is ea is mó a luach don chuideachta.
  • Is féidir dearadh cláraithe a cheadúnú (nó a dhíol) le daoine eile ar tháille chomh maith. Trína cheadúnú, d’fhéadfá a bheith ábalta dul isteach i margaí nach bheifeá ábalta freastal orthu seachas sin.
  • Nuair a chláraítear dearaí tionsclaíocha spreagtar iomaíocht chóir agus cleachtais ionraice trádála, agus dá réir sin, cuirtear táirgeadh raon éagsúil táirgí atá mealltach ó thaobh na haeistéitice de go chun cinn.