Aicmiú Dearaí

Aicmiú Idirnáisiúnta le haghaidh Dearaí Tionsclaíocha

Le Comhaontú Locarno soláthraítear córas aicmithe a aithnítear ar bonn idirnáisiúnta maidir le táirgí i ndáil lena bhféadfaí dearaí a chlárú.

Faoi Aicmiú Locarna, déantar táirgí a chatagóiriú de réir aicmí, agus baineann gach ceann díobh le réimse sonrach táirgí gaolmhara. Dá réir sin is féidir bunachair shonraí dearaí a chuardach ag baint úsáid as táirgí mar na critéir chuardaigh. Déantar an córas aicmithe a nuashonrú go rialta chun athruithe agus cur chun cinn i gcleachtais tráchtála a chur san áireamh.

Tá Éire ina ball d’Aontas Nice na dtíortha agus cuireann an Oifig seo córas aicmithe i bhfeidhm ar chlárú Dearaí.

Is ionann Comhaontú Lorcarno a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta táirgí chun críocha an chláraithe dearaí agus comhaontú idirnáisiúnta faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil.