Iarratas a dhéanamh ar líne ar Dheimhniú Forlíontach Cosanta  

Leis an gcóras r-chomhdúcháin um Dheimhniú Forlíontach Cosanta soláthraítear an méid seo a leanas

•R-chomhdú iarratais le haghaidh deimhniú forlíontach cosanta do tháirgí leighis;

•r-chomhdú iarratais le haghaidh deimhniú forlíontach cosanta do tháirgí cosanta plandaí;

•r-chomhdú iarratais le haghaidh síneadh péidiatrach i ndáil le hiarratas reatha ar dheimhniú forlíontach cosanta nó ar dheimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí leighis.

Admhaím go gcuirfear sonraí an iarratais isteach i mbunachair shonraí agus Clár um dheimhnithe forlíontacha cosanta na hOifige atá ar fáil don phobal lena seiceáil agus lena n-iniúchadh.  Déantar faisnéis phearsanta ar bith a bhailítear trí úsáid an chórais chomhdúcháin ar líne a bhailiú chun críocha Acht na bPaitinní 1992 agus Rialacha lena mbaineann.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Pholasaí Príobháideachais na hOifige.

Trí úsáid a bhaint as an gcóras comhdúcháin ar líne, aontaíonn iarratasóirí nó gníomhairí/aturnaetha paitinní a ghníomhaíonn ar son iarratasóirí go gcuirfear comhfhreagras acu ar an ríomhphost i ndáil leis na cúrsaí uile a bhaineann leis an iarratas.

An fhoirm iarratais ar líne a úsáid agus do bhealach a dhéanamh tríthi.

·      Chun dul ar aghaidh tríd an bhfoirm nó dul siar chuig leathanaigh roimhe, úsáid na cnaipí ‘Ansin’ agus ‘Roimhe’ ar bhun an scáileáin.

·      NÁ hÚSÁID na cnaipí siar nó ar aghaidh ar do bhrabhsálaí mar go dtabharfaidh sé sin amach as an bhfoirm thú agus caillfidh tú sonraí ar bith a cuireadh isteach.

·      Ní féidir ach doiciméid in PDF (.pdf) agus WORD (.doc agus .docx) a uaslódáil.

·      Ní féidir ach comhaid atá níos lú ná 12 MB a uaslódáil.

·      Is féidir d’iarratas a shábháil ar do ríomhaire pearsanta trí úsáid a bhaint as an gcnaipe “Sábháil mar dhréacht” ar bharr an scáileáin chun é a fháil ar ais agus a chríochnú níos déanaí

·      Níor cheart duit iarracht a dhéanamh cur isteach ar fheidhmiúlacht an chórais r-chomhdúcháin agus níor cheart duit iarracht a dhéanamh comhaid ina bhfuil ábhar mailíseach a uaslódáil.

Leis an bpróiseas iarratais líne caithfear an táille um chomhdú a íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair sula meastar gur cuireadh an t-iarratas isteach.