Cén Fáth a gCosnófá do Mhaoin Intleachtúil?

Níl sé éigeantach do Mhaoin Intleachtúil a chosaint ach is fiú smaoineamh air. Díreach mar nach bhfuil sé ceangailte leis an dlí aláram buirgléirí a bheith ar do theach, is rogha í a dhéanann a lán úinéirí tí le haghaidh suaimhneas intinne. Chomh maith le do mhaoin intleachtúil a chosaint ar shárú, is féidir luach airgeadais a chur le do chuideachta má chosnaíonn tú do mhaoin intleachtúil, go háirithe má bhíonn tú á dhíol níos déanaí. Is féidir cearta um Maoin Intleachtúil a úsáid chun ioncam ó cheadúnú a éascú, mar urrús le haghaidh iasachtaí agus chun críocha margaíochta.

Le cosaint do Mhaoine Intleachtúla tabharfar cearta eisiacha duit chomh maith (i dtíortha ina bhfuil cosaint urraithe agat) ar do shócmhainn faoi leith e.g. ainm branda, aireagán, dearadh etc. Cinntítear leis seo chomh maith nach féidir le daoine eile tairbhe airgeadais a bhaint as do chuid obair chrua nó, go deimhin, damáiste a dhéanamh do do cháil trí chosc a chur ar dhaoine eile táirge seirbhíse ar dhroch-chaighdeán a chruthú a bhfuil an chuma air go mbaineann sé le do ghnó.

WhyProtctYourIP

Sa lá atá ann inniu, is minic a bhíonn sócmhainní doláimhsithe cuideachta nó duine aonair níos luachmhaire ná sócmhainní fisiceacha. D’fhéadfadh caipiteal daonna, saineolas, aireagáin, brandaí, dearaí agus táirgí eile cruthaitheachta intleachtúla a bheith i gceist le sócmhainní doláimhsithe.

D’fhéadfadh maoin intleachtúil a bheith ina cuid ríthábhachtach maidir le rath tráchtála cuideachta nó duine aonair ar bith a bhaint amach ar mian leo bheith chun tosaigh sa réimse maidir le táirgí úra nuálacha a chruthú, an sciar den mhargadh a leathnú agus dílseacht custaiméirí a ghiniúint. Is ar mhaithe le leas gnó atá sé an leas is fearr a bhaint as sócmhainní doláimhsithe trí iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna a tháirgtear i gcóras na maoine intleachtúla.

Is cearta críochacha iad Cearta um Maoin Intleachtúil. Dá réir sin, má iarrann tú cosaint Éireannach, tabharfar cosaint duit i bPoblacht na hÉireann amháin. Is féidir tuilleadh cosanta a iarraidh, áfach, ó na tíortha aonair ábhartha nó, mar mhalairt air sin, tá bealaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta ar fáil chomh maith.

European Patents

International – Patent Cooperation Treaty (PCT)

EU Trade Marks

International – Madrid Protocol

Registered Community Design

Unregistered Community Design

International – Hague System