Plean Gníomhaíochta na Seirbhíse do Chustaiméirí

Tá Plean Gníomhaíochta na Seirbhíse do Chustaiméirí 2017-2019 Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann bunaithe ar na Dó Dhéag Phrionsabal um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí atá leagtha amach i dTionscnamh um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí an Rialtais. Déantar breac-chuntas ann ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm.

Is é is aidhm leis an bplean a chinntiú go n-aithneofar na cuspóirí leis an tSeirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí i bhfeabhsuithe ar phróisis inmheánacha ghnó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann agus i soláthar seirbhíse níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla dá custaiméirí inmheánacha agus seachtracha.

Déantar spriocanna na seirbhísí do chustaiméirí atá cuimsithe sa phlean seo a thomhas ar bhonn ráithiúil agus tuairiscítear feidhmíocht i gcoinne na spriocanna sin i dTuarascáil Bhliantúil Rialaitheoir na Maoine Intleachtúla.