Míniú ar dhearaí

Ciallaíonn “Dearaí” an chuma atá ar chuid de tháirge nó cuma an táirge go léir mar thoradh ar ghnéithe amhail na línte, na himlínte, an cruth, an uigeacht nó ábhair an táirge féin nó a mhaisiúcháin.

Tá samplaí de roinnt dearaí cláraithe taispeánta thíos:

MobileBottle

A handheld communications device

Registration No. 20777

Research in Motion Limited

A bottle

Registration No. 20872

Lucozade Ribena Suntory Limited

CarGirl

A body for a motor vehicle

Registration No. 20251

SEAT, S.A.

Irish Dancer Logo

Registration No. 22046

Enterprise Asia Irl Ltd

Is ionann dearadh agus foirm “réadmhaoine tionsclaíche” ar féidir leis an úinéir é a shannadh, a aistriú, a cheadúnú nó a úsáid. Tá cosaint dearaidh ina chosaint chríochach; go bunúsach ní bheidh dearadh a chlárófar in Éirinn bailí ach in Éirinn amháin. Féadfar roinnt gnéithe den “dearadh” a chosaint le cóipcheart.