Saoráil Faisnéise

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, bunaítear na trí cheart dhlíthiúla seo a leanas do bhaill den phobal:

  • ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
  • ceart dlíthiúil do gach duine chun faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi a leasú i gcás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach agus
  • ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil ar chinntí a bhaineann leis/léi.

Tá taifid clúdaithe leis na hAchtanna SF

Tagann na taifid seo a leanas laistigh de raon feidhme an Achta:

  • Gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, beag beann ar an uair a cruthaíodh í.
  • Gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta tosaigh i.e. 21 Aibreán 1998.
  • Taifid ar bith eile is gá chun taifead reatha a thuiscint.
  • Taifid phearsanta na mball foirne arna gcruthú ón 21 Aibreán 1995 agus na cinn a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás go bhfuil siad á n-úsáid nó go bhfuil sé molta iad a úsáid ar bhealach a mbeadh drochthionchar aige ag an duine lena mbaineann.

Is féidir taifid oifigiúla ar bith eile atá coinnithe a lorg faoi na hAchtanna. Mar sin féin, i gcúinsí áirithe beidh gá le taifid a dhíolmhú óna n-eisiúint. In Ailt 19-32 d’Acht 1997 léirítear na díolúintí nach mór iad a chur san áireamh. Áirítear iad seo a leanas ar roinnt príomhdhíolúintí:

  • Taifid an Rialtais
  • Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh aige nó aici).
  • Faisnéis a cuireadh ar fáil go rúnda.
  • Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht phoiblí.
  • Faisnéis atá íogair ón taobh tráchtála de.
  • Breithnithe comhlachtaí poiblí.
  • Feidhmeanna agus idirbheartaíocht comhlachtaí poiblí.

Déantar foráil sa reachtaíocht lena rialaítear oibríochtaí Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann i leith rochtain phoiblí ar mhéid suntasach faisnéise atá i seilbh na hOifige. Cuirfear rochtain ar fhaisnéis dá leithéid atá lasmuigh de raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise, ar fáil ar bhonn na reachtaíochta reatha. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil a lán den fhaisnéis atá ar fáil faoi réir íocaíocht táille agus mar sin tá sé lasmuigh de raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise de bhua Alt 46(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise. In Alt 46 d’Acht 1997, arna leasú le hAcht 2003, leagtar amach na srianta maidir le cur i bhfeidhm an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Conas is féidir iarratas SF a dhéanamh?

Ba cheart iarratais faoin Acht SF a dhéanamh i scríbhinn agus iad a sheoladh chuig:

Caitlin Cleary, an tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, Oifigí an Rialtais, Bóthar Hebron, Cill Chainnigh nó le ríomhphost chuig Caitlin.Cleary@ipoi.gov.ie

  • Luaigh go soiléir go bhfuil an t-iarratas déanta faoi na hAchtanna SF.
  • Cuir na taifid/faisnéis atá á lorg in iúl go soiléir.
  • Sonraigh modh na rochtana atá á lorg i.e. fótachóip, diosca ríomhaire, etc.

Cuir uimhir fóin lae san áireamh, más féidir, ionas go mbeifear ábalta teagmháil a dhéanamh leat go gasta má bíonn gá sonraí d’iarratais a shoiléiriú.

Má theastaíonn cúnamh uait le d’iarratas a chur i dtoll a chéile is féidir leis teagmháil a dhéanamh leis an Aonad SF ag - 056 7720156.

Táillí

Ní theastaíonn táille iarratais ar bith nuair a iarrtar faisnéis faoin Acht SF 2014. Mar sin féin má bhíonn d’iarratas ar fhaisnéis neamhphearsanta, i gcás go bhfuil an CAC measta (táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála) níos mó ná ‘suim íosta chuí’ faoi mar a sholáthraítear i Alt 37(3)(d), beidh sé éigeantach an CAC a ghearradh. Tá éarlais iníoctha i gcás go meastar go mbeidh an costas measta ar chuardach agus aisghabháil na dtaifead níos mó ná ‘suim íosta chuí’. I gcás dá leithéid, déanfar gach iarracht cuidiú leis an iarratasóir an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a bhaint.

Ba cheart an táille ábhartha a íoc le RAA, Ordú Airgid nó Ordú Poist agus í iníoctha le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann”.

Táillí Cuardaigh agus Aisghabhála agus Cóipeála

D’fhéadfadh táillí a bheith i bhfeidhm chomh maith maidir leis an méid ama a chaithfear ag gcuardach agus ag aisghabháil taifead a eiseofar chugatsa ar bhonn d’iarratais i ndáil le cóipeáil taifead ar bith a eiseofar. Ní dóigh go mbeidh táillí dá leithéid i gceist mura mbaineann d’iarratas le faisnéis phearsanta. Is iad seo a leanas na rátaí dóibh sin:

€20.95 in aghaidh na huaire cuardaigh agus aisghabhála

€0.04 in aghaidh na bileoige d’fhótachóip

€0.51 ar dhiosca ríomhaire trí horlaí go leith ina bhfuil doiciméid chóipeáilte

€10.16 ar CD-ROM ina bhfuil doiciméid chóipeáilte

€6.35 ar radagraf (X-gha ina bhfuil doiciméid chóipeáilte

Laghduithe agus Tarscaoileadh

Déanfar táille maidir le cuardach agus aisghabháil agus cóipeáil taifead a tharscaoileadh i gcás go mbeadh an costas a bhaineann leis an táille a bhailiú agus cuntas a thabhairt ina leith níos mó ná méid na táille féin (úsáidtear treoirlíne de níos lú ná €10 maidir leis sin);

Féadfar táille maidir le cuardach agus aisghabháil agus cóipeáil taifead nó éarlais a laghdú nó a tharscaoileadh i gcás go mbeadh an fhaisnéis sa taifead ina chúnamh suntasach i dtreo ceist lena bhfuil tábhacht náisiúnta a thuiscint.

Beidh táille i bhfeidhm maidir le formhór na n-athbhreithnithe inmheánacha agus neamhspleácha (an Coimisinéir Faisnéise) i ndáil le rochtain ar thaifid neamhphearsanta. Tá laghdú ann le haghaidh sealbhóirí cártaí leighis. Cuirfidh an comhlacht poiblí ábhartha iad sin in iúl duit ag an am cuí.

Ceart chun Achomhairc

Má bhíonn tú míshásta leis an gcinneadh a dhéanfar ar d’iarratas, is féidir leat é a achomharc trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach. Tá táille €30 (€10 le haghaidh sealbhóirí cártaí leighis agus a cleithiúnaithe) i bhfeidhm maidir le hiarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh i ndáil le hiarratas neamhphearsanta. Níl táille ar bith ann maidir le hathbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar iarratas ar fhaisnéis phearsanta nó i gcás cinneadh mall ar iarratas neamhphearsanta.

Naisc úsáideacha

Oifig an Choimisinéara Faisnéise - http://www.irlgov.ie/oic/

An Lárionad Beartas, an Roinn Airgeadais - http://www.foi.gov.ie/