Iarratas a dhéanamh ar Phaitinn

Ní chiallaíonn sé go bhfuil paitinn cláraithe nó go ndeonófar í le haghaidh aireagáin díreach mar gheall gur cuireadh iarratas ar phaitinn isteach.  Déantar gach iarratas ar phaitinn a scrúdú ar a bhfiúntais lena chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais inphaitinneachta maidir le deonú atá leagtha amach sa reachtaíocht (Acht na bPaitinní, 1992).

Admhaím go gcuirfear sonraí an iarratais isteach i mbunachair shonraí agus Clár Paitinní na hOifige atá ar fáil don phobal lena seiceáil agus lena n-iniúchadh.  Déantar faisnéis phearsanta ar bith a bhailítear trí úsáid an chórais chomhdúcháin ar líne a bhailiú chun críocha Acht na bPaitinní 1992 agus Rialacha lena mbaineann.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Pholasaí Príobháideachais na hOifige.

Trí úsáid a bhaint as an gcóras comhdúcháin ar líne, aontaíonn iarratasóirí nó gníomhairí paitinní a ghníomhaíonn ar son iarratasóirí go gcuirfear comhfhreagras acu ar an ríomhphost i ndáil leis na cúrsaí uile a bhaineann leis an iarratas.

An fhoirm iarratais ar líne a úsáid agus do bhealach a dhéanamh tríthi.

•Chun dul ar aghaidh tríd an bhfoirm nó dul siar chuig leathanaigh roimhe, úsáid na cnaipí “Ansin” agus “Roimhe” ar bhun an scáileáin.

•NÁ hÚSÁID na cnaipí siar nó ar aghaidh ar do bhrabhsálaí mar go dtabharfaidh sé sin amach as an bhfoirm thú agus caillfidh tú sonraí ar bith a cuireadh isteach.

•Ní féidir ach doiciméid i bhformáid PDF(.pdf) agus WORD (.doc agus .docx) a uaslódáil.

•Ní féidir ach comhaid atá níos lú ná 12 MB a uaslódáil.

•Is féidir d’iarratas a shábháil ar do ríomhaire pearsanta trí úsáid a bhaint as an gcnaipe “Sábháil mar dhréacht” ar bharr an scáileáin chun é a fháil ar ais agus a chríochnú níos déanaí.

•Níor cheart duit iarracht a dhéanamh cur isteach ar fheidhmiúlacht an chórais r-chomhdúcháin agus níor cheart duit iarracht a dhéanamh comhaid ina bhfuil ábhar mailíseach a uaslódáil.

•Leis an bpróiseas iarratais líne caithfear an táille um chomhdú a íoc le cárta dochair nó cárta creidmheasa sula meastar gur cuireadh an t-iarratas isteach.