Na hUirlisí Cuardaigh Dearaí a Úsáid

Le clár dearaí agus database ar líne Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ceadaítear rochtain ar chlár agus ar bhunachar sonraí leictreonach hOifige faoin Acht um Dhearthaí Tionscail, 2001. Tá sé tábhachtach, áfach, cuimhneamh go bhfuil dhá Chlár Éireannacha maidir le Dearaí ann agus baineann nósanna imeachta éagsúla cuardaigh le gach clárú.

Clár ar pháipéar is ea an clár dearaí a choinnítear faoin Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) 1927; dá réir sin ní féidir cuardach a dhéanamh áit ar bith ach san Oifig seo. Chun cuardach a dhéanamh, ní mór iarratas i scríbhinn a chur isteach agus ba cheart go mbeadh go leor eolais ann ionas go mbeifear ábalta an dearadh a aithint. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

  • Pictiúr den dearadh agus
  • An aicme, má tá sí ar eolas, nó na táirgí lena mbaineann an dearadh.

Cuirtear an t-iarratasóir don chuardach ar an eolas má bíonn an dearadh, ábhar an chuardaigh, fós cláraithe, aicmí na n-earraí dá bhfuil an dearadh cláraithe, dáta an chlárúcháin agus aicme agus seoladh an úinéara cláraithe.

Déantar foráil in alt 73 d’Acht 1927 gur féidir le duine iniúchadh a dhéanamh ar an gClár Dearaí. Ní mór do dhuine a bheidh iniúchadh á dhéanamh aige nó aici ar an gClár uimhir chlárúcháin nó eolas dóthanach a chur ar fáil ionas gur féidir an dearadh a aithint. Toisc go bhfuil an clár seo bunaithe ar pháipéar ní féidir iniúchadh a dhéanamh air ach inár n-oifig i gCill Chainnigh ar íocaíocht na táille iomchuí. Níl cead dearaí atá cláraithe ar feadh níos lú ná dhá bhliain (maidir le gréasáin theicstíleacha, is é cúig bliain an srian) a iniúchadh ach ag an úinéir nó ag duine atá údaraithe i scríbhinn aige, duine atá údaraithe ag an Rialaitheoir, nó ag an gCúirt. Ní féidir leis an duine a bheidh iniúchadh á dhéanamh aige nó aici ar an gClár cóipeanna a dhéanamh. I gcás gur éag an tréimhse reachtúil, beidh duine ar bith ábalta iniúchadh poiblí a dhéanamh ar an dearadh, ar íocaíocht na táille iomchuí agus is féidir cóipeanna a dhéanamh den dearadh cláraithe.

Tá Innéacs na nDearaí Cláraithe faoin Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) 1927, innéacsaithe de réir na bliana ó 1990 i leith. Soláthraítear san innéacs, ainm an iarratasóra, uimhir chlárúcháin an dearaidh, agus uimhir na hIrise inár foilsíodh sonraí an chlárúcháin.

Anseo thíos tá liosta de na dearaí atá cláraithe faoin Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) 1927, innéacsaithe de réir na bliana ó 1990 go dtí 2004 i bhformáid doiciméid Word.

Registered-Designs-1990.doc Registered-Designs-1991.doc
Registered-Designs-1992.doc Registered-Designs-1993.doc 
Registered-Designs-1994.docRegistered-Designs-1995.doc 
Registered-Designs-1996.docRegistered-Designs-1997.doc
Registered-Designs-1998.docRegistered-Designs-1999.doc
Registered-Designs-2000.docRegistered-Designs-2001.doc
Registered-Designs-2002.docRegistered-Designs-2003doc
Registered-Designs-2004.doc

Cuardach Dearaí Comhphobail

European Union Intellectual Property Office (Trade Marks and Designs) (EUIPO) has been accepting applications for Registered Community Designs since 1 January 2003. These were deemed to have a filing date of 1 April 2003, when the Community Design came into effect. Registered Community Designs are protected in all 28 Member States of the EU. An online search is available on the community design database.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go gcaithfidh dearadh a bheith úr, i.e. nach raibh sé áit ar bith roimh dháta an iarratais ar chlárú. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé go dteastódh ó iarratasóir smaoineamh ar bhunachair shonraí eile a chuardach chomh maith leis na cinn a luaitear ar an suíomh seo. Ní saoráidí ar bith ar fáil chun cuardach ar fud an domhain a dhéanamh i gcuardach amháin.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil rochtain ar líne ar na cláir agus ar an mbunachar sonraí chun críocha faisnéise amháin. Cé go nglacann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann gach cúram réasúnta i soláthar na saoráidí sin, ní bheidh an Oifig faoi dhliteanas i leith earráidí nó easnamh sna sonraí nó i leith iarmhairtí ar bith a bheadh mar thoradh ar na hearráidí nó na heasnaimh sin, lena n-áirítear caillteanas ar bith a d’fhéadfaí a thabhú mar thoradh ar a bheith ag brath ar chruinneas nó ar iomláine na sonraí sin.