Déan teagmháil linn

Tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann i gcathair Chill Chainnigh. Tá Leabharlann agus Ionad Eolais san Oifig ina bhfuil rogha leabhar agus tréimhseachán a phléann ábhar ar díol spéise iad le haghaidh aireagóirí agus dílseánaigh trádmharcanna. Tá eagráin de shaothair chaighdeánacha a bhaineann le Paitinní agus leis an Dlí maidir le Trádmharcanna ann chomh maith. Tá tacair iomlána Irisleabhar Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ar fáil sa Leabharlann fosta.

Leabharlann agus Ionad Eolais Chill Chainnigh

Intellectual Property Office of Ireland
Government Offices
Hebron Road
Kilkenny
R95 H4XC

Tel: +353-56-7720111
Fax: +353-56-7720100
Lo-Call Fax: 1890-220120 (within Ireland)
E-mail: ipinfo@ipoi.gov.ie

Uaireanta oscailte an Ionaid Eolais agus na hOifige:

Mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann (IPOI) druidte don phobal agus do chuairteoirí pearsanta go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Iarrtar ar chliaint agus custaiméirí ár seirbhísí ríomhchomhdaithe agus íocaíochta ar líne a úsáid i gcónaí, agus leanúint de chumarsáid a dhéanamh linn ar an ríomhphost nuair is féidir.

Cé nach bhfuil an Oifig ábalta fáilte a chur roimh chuairteoirí pearsanta ar an láthair go dtí go bhfógrófar a mhalairt, glactar go fóill le fiosrúcháin teileafóin ar + 353 56 7720111 idir 9.30am agus 4.00pm Luan go hAoine.