Dearadh Comhphobail Cláraithe

Le dearadh comhphobail cláraithe tugtar clárú aonair don úinéir, atá bailí i ngach ceann de 28 tír an Aontais Eorpaigh.  Thosaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ag glacadh le hiarratais ar Dhearaí Comhphobail Cláraithe ar an 1 Eanáir 2003.  Measadh go raibh dáta comhdaithe den 1 Aibreán 2003 leo, nuair a tháinig an Dearadh Comhphobail i bhfeidhm.  Cosnaítear Dearaí Comhphobail ar feadh tréimhse cúig bliana. Is féidir iad a athnuachan ceithre huair rud a fhágann go bhfuil 25 bliain cosanta ar a mhéad acu.

Caithfidh iarratasóir le haghaidh Dearadh Comhphobail Cláraithe iarratas a dhéanamh go díreach leis an EUIPO.  Is é an dáta fála ag an EUIPO an dáta comhdaithe a bheidh ann.  Ní mór na táillí uile a íoc go díreach leis an EUIPO.

Is féidir na sonraí ar fad a bhaineann le Córas um Chlárú Dearaí Comhphobail, lena n-áirítear próiseas an iarratais, táillí agus modhanna íocaíochta a fháil go díreach ó shuíomh gréasáin an EUIPO.