Cad é is féidir a Chlárú?

Chun gur féidir dearadh a chlárú caithfidh sé a bheith úr agus go bhfuil tréith aonair aige:

Úr

Meastar go bhfuil dearadh úr murar cuireadh dearadh úr nó dearadh díreach cosúil leis ar fáil don phobal roimh dháta chur isteach an iarratais ar chlárú nó i gcás go n-éilítear tosaíocht, an dáta tosaíochta.

Tréith aonair

Comhlíontar an ceanglas “tréith aonair” a bheith aige má bhíonn an t-imprisean foriomlán a thugann dearadh d’úsáideoir eolasach éagsúil ón imprisean foriomlán a thug dearadh níos luaithe a cuireadh ar fáil don phobal don úsáideoir sin.

Go traidisiúnta, baineann dearaí is féidir a chosaint le táirgí monaraithe amhail cruth bróige, dearadh fáinne cluaise nó an maisiúchán ar taephota. Sa saol digiteach, áfach, tá cosain ag síneadh de réir a chéile i roinnt tíortha chuig líon táirgí agus cineálacha eile dearaidh. Áirítear orthu sin íocóin leictreonacha deisce arna gcruthú le cóid ríomhaire, cló-aghaidheanna, an taispeáint ghrafach ar mhonatóirí ríomhairí agus ar ghutháin phóca, i measc nithe eile.

Cad é nach féidir a chlárú?

Ní féidir dearaí a chlárú a bhaineann leis an dóigh a bhfeidhmíonn táirge nó le haghaidh codanna nach bhfeictear i ngnáthúsáid, nó dearaí a thagann salach ar an mbeartas poiblí nó ar phrionsabail mhoráltachta a bhfuil glacadh leo nó dearaí a sháraíonn saothar faoi chóipcheart. Féach an tAcht um Dhearthaí Tionscail, 2001 le haghaidh tuilleadh sonraí.