Na Tairbhí a bhaineann le Clárú Trádmhairc

Nuair a chláraíonn tú do thrádmharc cruthaítear taifead oifigiúil de do chearta mar úinéir trádmhairc faoi leith agus beidh sé níos éasca cosc a chur ar dhaoine eile é a úsáid.

  • le clárú trádmhairc tugtar ceart reachtúil, faoi réir coinníollacha áirithe, chun cosc a chur ar dhaoine eile an trádmharc a úsáid gan cead ón úinéir cláraithe - i.e. chun sárú a chosaint.
  • le clárú tugtar ceart eisiach chun daoine eile a údarú trí cheadúnú chun an trádmharc do na hearraí agus /nó na seirbhísí dá bhfuil an trádmharc cláraithe a úsáid.

Ba cheart duit smaoineamh ar do thrádmharc a chlárú má tá sé tábhachtach duit go mbeidh do chuid custaiméirí ábalta do tháirgí agus do sheirbhísí a idirdhealú ó tháirgí agus ó sheirbhísí d’iomaitheoirí. Ciallaíonn úsáid neamhúdaraithe mairc go bhféadfadh an t-úinéir dlisteanach gnó agus dea-thoil a chailleadh. Cé nach bhfuil clárú éigeantach, bíonn sé níos éasca le clárú cosc a chur ar dhaoine tairbhe a bhaint as an gcáil atá bunaithe mar gheall ar úsáid trádmhairc trí dheis a thabhairt d’úinéir an trádmhairc chláraithe imeachtaí um shárú a thabhairt os comhair na cúirte.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh cur i bhfeidhm nó úsáid chalaoiseach trádmhairc i ndáil le hearraí gan údarú an úinéara agus/nó seilbh earraí nó ábhar ar a bhfuil marc atá go díreach mar an gcéanna le trádmharc cláraithe nó atá chomh gar i gcosúlacht le trádmharc cláraithe, a bheith ina chion coiriúil, agus féadfar imeachtaí coiriúla a thionscnamh faoi Acht na dTrádmharcanna, 1996.