Cad é is féidir a Chlárú?

Ní féidir gach trádmharc a chlárú. Go bunúsach diúltófar clárú le haghaidh trádmhairc má bhaineann an méid seo a leanas leis:

  • ní féidir leis earraí agus seirbhísí gnóthais amháin a idirdhealú ó earraí agus ó sheirbhís gnóthas eile,
  • níl tréith shonrach ar bith ann,
  • níl ann go heisiach ach comharthaí nó leideanna a ainmníonn saintréithe riachtanacha earraí nó seirbhísí (e.g. a gcáilíocht, an cuspóir beartaithe, tionscnamh geografach etc.),
  • níl ann go heisiach ach na comharthaí nó leideanna a bhíonn i dteanga na trádála de ghnáth,
  • níl ann go heisiach ach an cruth, a thagann as na hearraí féin, nó a bhfuil gá leis chun toradh teicniúil a fháil, nó cuireann sé luach substaintiúil leis an hearraí,
  • tagann sé salach ar an mbeartas poiblí nó ar phrionsabail na moráltachta,
  • is cosúil go gcuirfidh sé dallamullóg ar an bpobal, e.g. maidir le cineál, cáilíocht, nó tionscnamh geografach na n-earraí nó na seirbhísí,
  • déantar iarratas air go mímhacántacht
  • tá sé go díreach mar an gcéanna nó cosúil le trádmharc eile atá ar an gClár cheana i ndáil le hearraí atá go díreach mar an gcéanna nó atá comhchosúil.