Suaitheantais Stáit a Úsáid

Thug Stát na hÉireann fógra maidir le suaitheantais Stáit den Chruit agus den tSeamróg, agus roinnt leaganacha eile den téama sin, don Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) roinnt blianta ó shin mar shuaitheantais faoi chosaint an Stáit agus dá réir sin baintear leas as cosaint Idirnáisiúnta ina leith faoi théarmaí Airteagal 6 de Choinbhinsiún Pháras le haghaidh cosaint Réadmhaoine Tionsclaíche. Tá suaitheantais Stáit cosanta chomh maith le Dlí na hÉireann le halt 97 d’Acht na dTrádmharcanna 1996. Déantar foráil in Alt 97 den Acht sin, inter alia, go ndéanfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta gníomhaíochtaí áirithe i ndáil le húsáid neamhúdaraithe na suaitheantas Stáit i dtaca le gnó ar bith.

San fhógra do EDMI agus san fhoráil in Acht na dTrádmharcanna 1996 eisiaitear na suaitheantais Stáit sin ó chlárú nó ó úsáid mar thrádmharcanna nó mar ghnéithe trádmharcanna. Is é an chúis leis an eisiamh sin go sáródh clárú nó úsáid na suaitheantas sin ceart an Stáit úsáid siombailí a fhéiniúlachta agus a cheannais a rialú. Lena chois sin, is cosúil go ndéanfadh úsáid as suaitheantas Stáit mar thrádmharc ag eagraíocht, duine nó eintiteas neamhbhainteach nó neamhúdaraithe an pobal a mhíthreorú maidir le tionscnamh, urraíocht nó formhuiniú na n-earraí lena bhfuil an suaitheantas ceangailte; nó go gcreidfeadh ball den phobal go bhfuil gníomhaíochtaí na heagraíochta nó an eintitis tráchtála bainteach ar bhealach éigin le gníomhaíochtaí an Rialtais, nó go bhféadfadh go measfaí go mbeadh leas á bhaint ag a ngníomhaíochtaí as suaitheantas an Rialtais le haghaidh gnóthachan tráchtála.

Cé go bhfuil beartas an-sriantach ann maidir le cead a thabhairt chun suaitheantas Cruite an Stáit a úsáid agus, go ginearálta, forchoimeádtar an úsáid sin do bhaill an Stáit amháin, is féidir údarú chun an tSeamróg a úsáid a leathnú go húsáid tráchtála i gcás gur féidir é a dhearbhú go soiléir go bhfuil fíornasc agus nasc substainteach idir na hearraí lena mbaineann agus Éire. Mar sin féin, ní mór do dhuine ar bith ar mian leo suaitheantas Seamróige an Stáit a úsáid cead a fháil ar dtús ón Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun amhlaidh a dhéanamh.

Níl foirm iarratais fhoirmiúil ar bith ann. Mar sin féin, féadfar iarratas ar chead ón Aire a dhéanamh i scríbhinn nó le ríomhphost chuig:

The Intellectual Property Unit of the Department of Business, Enterprise and Innovation
Intellectual Property Office of Ireland
Hebron Road
Kilkenny

Uimhir fóin: 056 7720150

Facs: 056 7720100

Ríomhphost: ipu@dbei.gov.ie