D’Earraí nó do Sheirbhísí a Aicmiú

Aicmiú Earraí agus Seirbhísí

Is ionann Comhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí chun críocha an chláraithe marcanna agus comhaontú idirnáisiúnta faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil. Is é an cuspóir leis, mar a thugtar le fios ina ainm, córas aicmithe a aithnítear ar bonn idirnáisiúnta maidir le hearraí agus seirbhísí i ndáil lena bhféadfaí trádmharcanna a chlárú. Tá Éire ina ball d’Aontas Nice na dtíortha agus cuireann an Oifig seo córas aicmithe Nice i bhfeidhm. [Tagraíonn Riail 6 de na Rialacha maidir le Trádmharcanna, 1996

Faoi Aicmiú Nice déantar earraí agus seirbhísí a chatagóiriú de réir aicmí, agus baineann gach ceann díobh le réimse nó réimsí sonracha gníomhaíochta tráchtála, mar shampla, bia agus deoch, cógaisíocht, seirbhísí airgeadais, etc. Cuimsítear 34 aicme earraí (aicmí 1 - 34 agus gach aicme san áireamh) agus 11 aicme seirbhís (35 - 45 agus gach aicme san áireamh) san aicmiú. Tá ceannteideal ‘Teideal Aicme’ ar gach aicme a sholáthraíonn ‘Leideanna Ginearálta’ a bhaineann leis na réimsí lena mbaineann na hearraí nó ná seirbhísí (féach Tráchtanna Ginearálta, Aicmiú Nice, 11ú hEagrán). Cuirtear liosta mionsonraithe in ord aibítreach a thagann le gach aicme ar fáil faoi gach teideal Aicme. Nuair a chláraítear trádmharc, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé cláraithe i ndáil le táirgí nó seirbhísí ar leith laistigh d’aicme nó le haghaidh cúpla ceann de na hearraí nó na seirbhísí laistigh d’aicme nó, go deimhin, le haghaidh earraí nó seirbhísí i roinnt aicmí éagsúla. Le clárú mairc i ndáil le táirgí agus seirbhísí ar leith sainítear an méid cosanta a thugtar leis an gclárú sin.

Nuair a bhíonn iarratas á chuardach chun a fháil amach an bhfuil marcanna ar bith níos luaithe ann, a d’fhéadfadh teacht salach ar an marc is ábhar don iarratas, is gá na haicmí eile earraí agus seirbhísí a bhféadfadh earraí nó seirbhísí a bheith iontu a bheadh comhchosúil le hearraí agus seirbhísí dá bhfuil an clárú á lorg a shainaithint. Sa liosta traschuardaigh leagtar amach na haicmí eile ar cheart d’iarratasóirí smaoineamh ar iad a chuardach, chomh maith leis an aicme (aicmí) dá bhfuil an chosaint á lorg.

Le TMclass tugtar le chéile na bunachair shonraí um aicmiú (Cur síos ar Earraí agus ar Sheirbhísí nó ar théarmaí) maidir le hoifigí rannpháirteacha trádmharcanna in AE chun éascaíocht a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le hEarraí agus Seirbhísí a aicmiú.

Cuidíonn TMclass leat na hEarraí agus na Seirbhísí (téarmaí) a theastaíonn chun iarratas a dhéanamh ar an gcosaint trádmhairc a chuardach agus a aicmiú.  Is céim riachtanach é an t-aicmiú agus iarratas á dhéanamh ar thrádmharc.  Mura bhfeicfear an téarma sa bhunachar sonraí ní chiallaíonn sé go ndéanfaidh Oifig na bPaitinní an téarma a dhiúltú.  D’fhéadfadh go mbeidh níos mó ama i gceist le próiseas an iarratais, áfach, má roghnaíonn tú téarma nach bhfuil ina chuid den bhunachar sonraí toisc nach féidir é a aicmiú go huathoibríoch agus d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh scrúdaitheoir é a athbhreithniú.

Má roghnaíonn tú téarmaí ó níos mó ná aicme amháin b’fhéidir go mbeadh ort táillí breise a íoc as gach aicme bhreise.

Tá téarmaí áirithe ann nach nglacann an Oifig leo, agus is féidir na sonraí maidir leo sin a fheiceáil anseo