Cineálacha Trádmharcanna

Marc Focail

Trádmharc ina gcuimsítear go heisiach focail nó litreacha, uimhreacha, carachtair chaighdeánacha chlóghrafaíochta eile nó comhcheangal dóibh sin.

Examples:7UP

Just Do It!

Marc fíorach

Trádmharc ar a n-úsáidtear carachtair, stíliú nó leagan amach neamhchaighdeánach, nó gné ghrafach nó dath, lena n-áirítear marcanna ar a bhfuil gnéithe fíoracha go heisiach nó comhcheangal gnéithe briathartha nó fíoracha.

Samplaí:NikeStarbucks

Marc comhcheangailte

Trádmharc ina bhfuil meascán carachtar caighdeánach agus gné(ithe) fíoracha.

Samplaí:Mr.-TaytoKerrygold

Marc Crutha

Trádmharc ina gcuimsítear cruth tríthoiseach, nó a síneadh go cruth tríthoiseach, lena n-áirítear gabhdáin, pacáistiú, an táirge féin nó a gcuma

Samplaí:BottleGas-bottle

Marc Patrúin

Trádmharc ina gcuimsítear go heisiach sraith gnéithe a fheictear arís agus arís.

Samplaí:LevisPosition-mark---shoe

Samplaí:Pattern-markPattern-mark---2

Marc Datha Amháin

Trádmharc ina bhfuil (i) dath amháin gan imlínte go heisiach; nó ina bhfuil (ii) comhcheangal dathanna gan imlínte go heisiach.

Samplaí:Colour-Mark-purpleColour Mark

Marc Fuaime

Trádmharc ina gcuimsítear go heisiach fuaim nó comhcheangal fuaimeanna.

Samplaí:Sound-Mark

Marc Gluaisne

Trádmharc ina bhfuil, nó a shíneann go, gluaiseacht nó athrú ar staid ghnéithe an mhairc.

Samplaí:Chocolate-orange

Marc Ilmheán

Trádmharc ina bhfuil, nó a shíneann go, comhcheangal íomhá agus fuaime.

Marc Holagraim

Trádmharc ina bhfuil gnéithe lena bhfuil saintréithe holagrafacha.

Samplaí:HologramHologram-VF

Féadfar na cineálacha marcanna uile thuas a chlárú mar Chómharcanna nó mar mharcanna Deimhniúcháin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais shonracha bhreise don chlárú. Sainítear Cómharcanna agus marcanna Deimhniúcháin mar a leanas:

Cómharc

Is ionann comh-thrádmharc agus marc lena ndéantar idirdhealú idir earraí agus seirbhísí ball cumainn agus earraí agus seirbhísí ball cumainn eile.

Marc Deimhniúcháin

Is ionann trádmharc Deimhniúcháin agus marc lena “ndeimhnítear” earraí nó seirbhísí mar chinn chaighdeánacha áirithe nó lena bhfuil cáilithe áirithe nó saintréithe eile. Ní féidir marc deimhniúcháin a chlárú ach in ainm na n-úinéirí mura dtáirgeann nó mura soláthraíonn siad féin na hearraí nó na seirbhísí lena bhfuil an marc curtha i bhfeidhm.

Sraith Trádmharcanna

Is éard is sraith trádmharcanna ann sraith marcanna (sé cinn ar a mhéad), atá cosúil lena chéile i ndáil lena ngnéithe tábhachtacha agus is é an t-aon difear atá eatarthu gnéithe neamhshainiúla nach ndéanann difear suntasach dá n-aitheantas.