Fógra agus Siombail an Cóipchirt

Fógra agus Siombail © an Cóipchirt

Tá sé tábhachtach a thaispeáint go bhfuil cóipcheart éilithe i leith saothair.  Ba cheart na saothair a mharcáil go soiléir chun úinéir an chóipchirt agus an dáta ónar éilíodh an cóipcheart a thaispeáint.  Baintear úsáid de ghnáth as an tsiombail © go hidirnáisiúnta lena chur in iúl go bhfuil saothar faoi chosaint chóipchirt.

Sampla:

© Cóipcheart Sean Smith 2004. 

Is féidir samplaí d’fhógraí cóipchirt níos mionsonraithe a fháil i leaganacha foilsithe saothar liteartha. Ní ionann cuimsiú fógra cóipchirt agus cruthúnas dlíthiúil ar úinéireacht, ach léiríonn sé éileamh ar chóipcheart, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach má bhíonn gá leis an éileamh sin a chosaint nó sárú féideartha a dhíspreagadh.

Bíonn gá de ghnáth le cead a fháil chun ábhar faoi chóipcheart a úsáid.  Is féidir le daoine ag a bhfuil cóip de shaothar leid ar a saothar maidir le cóipcheart a lorg. D’fhéadfadh sé seo cuidiú le teagmháil a dhéanamh leis an údar/ cruthaitheoir bunaidh an tsaothair chun a gcead a fháil leis an saothar a úsáid le haghaidh aon ghníomh, atá toirmiscthe le reachtaíocht um chóipcheart.