Cosaint chóipchirt

Cosaint chóipchirt

In Éirinn, níl nós imeachta clárúcháin ar bith ann d’úinéirí saothair faoi chóipcheart.

Cruthaítear an gníomh saothar a dhéanamh an cóipcheart chomh maith, a mhairfidh i gcur in iúl fisiciúil na saothar sin ansin mar:-

  • bunsaothair liteartha, dhrámatúla, cheoil agus ealaíonta;
  • scannáin, taifeadtaí fuaime, craoltaí agus eagrú clóghrafach eagrán foilsithe;
  • bogearraí ríomhaire agus bunachair shonraí agus léirithe nach cinn bhunaidh iad.

Eisceachtaí

Tá roinnt eisceachtaí ar chóipcheart san Acht. Léiríonn na heisceachtaí sin cásanna i gcás go bhfuil gá na cearta a thugtar d’úinéirí cóipchirt a shrianadh nó a theorannú ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne, nó ar mhaithe le grúpaí faoi leith. Áirítear ar eisceachtaí nó gníomhartha atá ceadaithe:

  • Cóirdhéileáil: i.e. an saothar a chóipeáil nó a úsáid chun críocha cáinte, léirmheasa, tuairisciú nuachta, taighde nó staidéar príobháideach.
  • Teorainn a chur le cóipeáil nó le húsáid an tsaothair chun críocha oideachais faoi leith. Áirítear orthu sin úsáid an tsaothair i scrúduithe, agus sliocht gairid ón saothar a chuimsiú i ndíolaim do scoileanna.
  • Teorainn a chur le cóipeáil nó úsáid an tsaothair ag leabharlannaithe nó ag cartlannaithe i gcúinsí sonracha. Tugtar cearta teoranta do leabharlannaithe agus do chartlannaithe chun saothair a chóipeáil faoi choinníollacha áirithe. Féadfaidh leabharlanna poiblí agus forais oideachais saothair a thabhairt ar iasacht gan cearta an údair a shárú.
  • Gníomhaíochtaí riaracháin phoiblí áirithe arna ndéanamh ag Rialtas nó ag an Oireachtas lena n-áirítear imeachtaí parlaiminteacha agus breithiúnacha agus fiosruithe reachtúla agus ábhar i dtaifid phoiblí nó i gcláir reachtúla atá ar fáil don phobal lena n-iniúchadh.
  • Cóip chúltaca de ríomhchlár a dhéanamh.
  • Gníomhaíochtaí a dhéantar i gclár spleáchais dearaidh. Ní sháraítear an cóipcheart i ndoiciméad dearaidh nó i dtaifeadadh samhla nó dearadh a chuimsiú le haghaidh rud ar bith eile seachas saothar ealaíonta nó cló-aghaidh trí táirge a dhéanamh ar an dearadh nó táirge a chóipeáil ar tháirge ar an dearadh.
  • Clár nó craoladh teilifíse a thaifeadadh chun críocha príobháideacha agus baile le haghaidh “aistriú ama” ionas gur féidir clár a choimhéad ag am níos áisiúla.

Sárú ar chóipcheart

Tá cóipcheart cosanta leis an dlí agus is féidir cur in éadan úsáid neamhdhleathach na gceart sin sna Cúirteanna. Is é sárú an téarma teicniúil don mhí-úsáid seo. Déantar foráil sa reachtaíocht i leith cionta coiriúla agus dá réir sin d’fhéadfaí dliteanas sibhialta agus cionta coiriúla a chur i leith daoine a dhéanann sárú. Ba cheart d’úinéirí cóipchirt comhairle dhlíthiúil ghairmiúil a lorg maidir leis na roghanna agus na leigheasanna atá ar fáil i gcás go sárófaí a gcuid oibre.

Tá sé an-tábhachtach gur féidir le cruthaitheoir nó tionscnóir saothair an áit ar cruthaíodh an saothar agus an cóipcheart mar thoradh air a thaispeáint ina dhiaidh sin toisc go bhféadfadh sé a bheith riachtanach imeachtaí um shárú a thionscnamh nó a chosaint, ag am éigin níos déanaí. Dóigh amháin leis sin a dhéanamh ná cóip den saothar a lóisteáil le hionadaí aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ina bhanc nó ina ionadaí ar bhealach ar a bhféadfaí dáta agus am na lóisteála a thaifeadadh nó nótaireacht a dhéanamh orthu. Mar rogha eile air sin, is féidir le duine cóip den saothar a sheoladh chuige féin trí phost cláraithe (agus stampa dáta soiléir ar an gclúdach a chinntiú), agus an admháil bhunaidh a choinneáil agus gan an clúdach ina bhfuil an saothar faoi chóipcheart a oscailt, agus ar an tslí sin, a dhearbhú go raibh an obair ann ag an dáta agus ag an am sin.