Cén Cineál Maoine Intleachtúla atá Ceart Duitse?

Beag beann ar an ngnó nó ar an tseirbhís atá agat, tá an-seans ann go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na cearta um Maoin Intleachtúil infheidhme.

Chun na cearta maoine intleachtúla is oiriúnaí duitse a chinneadh, cuir an méid seo a leanas san áireamh:

Beidh trádainm, branda nó ainm táirge ag gach gnó cheana ar féidir é a chosaint le Trádmharc.

Ar chruthaigh tú táirge úr nó próiseas teicniúil? Nó an ndearnadh tú táirge atá ann cheana a mhodhnú go teicniúil. Má dhearnadh, d’fhéadfá a bheith incháilithe i leith cosaint Phaitinne

An dearthóir seodra, troscáin nó faisin thú? B’fhéidir go bhfuil tú ag déanamh potaireachta nó ornáidí? Nó an ndearna tú CUMA táirge atá ann cheana a mhodhnú nó a athrú díreach... más amhlaidh, mar sin b’fhéidir go mbeadh Cosaint Dearaidh infheidhme.

Má chruthaigh tú inneachar láithreáin gréasáin, má tháirg tú ábhar fógraíochta nó lámhleabhair oiliúna, má scríobh tú amhrán nó leabhar nó má chruthaigh tú saothar ealaíne, beidh Cosaint Chóipchirt agat go huathoibríoch.

Nó b’fhéidir go bhfuil táirge bia agat lena mbaineann próiseas uathúil nó próiseas teicniúil a fhéadfaidh teacht faoi Rúin Trádála.

Ní rud neamhghnách é go bhfuil níos mó ná ceart amháin infheidhme.