Cad is maoin intleachtúil ann?

Cuimsítear nithe fisiceacha sa chineál maoine is mó a bhfuil eolas ag an gcuid is mó de na daoine fúthu. Tá a gcuid éadaí, carranna, tithe agus talún féin ag daoine. Ar an lámh eile, is ionann Maoin Inlteachtúil agus toradh iarrachtaí meabhrach duine éigin. Mar sin, d’fhéadfadh gur le duine aonair cruthaitheacht agus nuálaíocht ar an dóigh chéanna ar leis nó léi maoin fhisiceach.  Aithnítear le dlíthe agus coinbhinsiúin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta toradh iarrachtaí meabhrach duine mar cheart um Maoin Intleachtúil.

Tá maoin intleachtúil i ngach áit. Bíonn gach táirge agus seirbhís a úsáidimid inár ngnáthshaol laethúil mar thoradh de ghnáth ar shlabhra fada de nuálaíochtaí beaga nó móra, amhail athruithe ar dhearaí, nó feabhsuithe lena gcuirtear an chuma atá ar tháirgí inniu nó lena bhfeidhmítear táirgí inniu. Beag beann ar an táirge a dhéanann fiontar nó ar na seirbhísí a sholáthraíonn sé, is cosúil gur úsáid sé nó gur chruthaigh sé go leor maoin intleachtúil cheana nó go n-úsáideann sé agus go gcruthaíonn sé go rialta í. Mar shampla, tá trádainm ag beagnach gach fiontar gnó agus d’fhéadfadh sé go bhfuil branda amháin nó níos mó acu agus ba chóir dóibh smaoineamh ar iad a chosaint mar thrádmharcanna. Forbróidh a lán díobh dearaí úrnua cruthaitheacha. Beidh foilsiú, scaipeadh nó miondíol saothair faoi chóipcheart táirgthe ag a lán díobh cheana nó beidh cuidiú tugtha acu le foilsiú, scaipeadh nó miondíol saothair faoi chóipcheart. B’fhéidir go ndearna roinnt díobh táirge nó seirbhís a cheapadh nó a fheabhsú.

Teastaíonn iarratas foirmiúil agus scrúdú faoi choinne roinnt cineálacha maoine intleachtúla sula mbeidh tú ábalta ceart úinéireachta a éileamh. Ní theastaíonn i leith cinn eile, amhail cóipcheart.

Mar sin d’fhéadfadh sé a bheith ríthábhachtach iarratas a dhéanamh ar mhaoin intleachtúil chun do smaoineamh a chosaint más mian leat gnó a fhorbairt agus do láithreacht sa mhargadh a bhunú. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh tuiscint agat ar na cineálacha éagsúla maoine intleachtúil agus na buntáistí a bhaineann le gach ceann.

Clúdaítear roinnt réimsí sna príomhchearta um maoin intleachtúil, lena n-áirítear Paitinní le haghaidh Aireagán Trádmharcanna, Dearaí Tionsclaíocha agus Cóipcheart.

  • Baineann Paitinní le haireagáin lena bhfaightear toradh teicniúil - de tháirgí, próisis agus úsáidí úra agus feabhsaithe a bhféadfadh feidhm thionsclaíoch a bheith aige.

  • Baineann Trádmharcanna le haitheantas branda - earraí agus seirbhísí den chuid is mó. D’fhéadfadh focail, marcanna nó gnéithe eile ar leith a bheith i gceist leo, a bhfuil sé d’aidhm leo idirdhealú a dhéanamh in intinn custaiméara idir trádálaithe, táirgí agus seirbhísí éagsúla.

  • Baineann dearaí le cuma táirge - an táirge iomlán nó cuid de - gnéithe, go háirithe cruth, cumraíocht, imlínte, uigeacht nó ábhair an táirge féin nach bhfuil leagtha síos le breithnithe feidhmiúla.

  • Baineann cóipcheart le bunsaothair liteartha amhail úrscéalta, dánta agus drámaí, saothair cheoil agus ealaíonta amhail píosaí ceoil, taifeadtaí fuaime agus craoltaí teilifíse agus raidió, bogearraí, scannáin ilmheán, líníochtaí, léarscáileanna, cairteacha, pleananna, pictiúir, grianghraif agus dealbha agus saothair ailtireachta. Áirítear ar chearta a bhaineann le cóipcheart cearta ealaíontóirí taibhiúcháin ina dtaibhithe, léiritheoirí fónagram ina dtaifeadaí, agus cearta craoltóirí ina gcláir raidió agus teilifíse.

Ba cheart a thabhairt faoi deara chomh maith go gcuimsítear réimsí i maoin intleachtúil chomh maith amhail saineolas, rúin trádála, cosaint cineálacha plandaí etc.  Is minic gur féidir níos mó ná cineál amháin cirt um maoin intleachtúil a chur i bhfeidhm ar an saothar céanna.