Tairbhí na Cosanta Cóipchirt

Tá ról tábhachtach ag an gcosain chóipchirt maidir le fiontraíocht a spreagadh agus gníomhaíocht eacnamaíoch a ghríosú. Cuirtear dreasacht ríthábhachtach ar fáil leis le haghaidh cruthú a lán saothar intleachtúil. Gan cosaint chóipchirt, bheadh sé furasta ag daoine eile leas a bhaint as na saothair sin gan ríchíosanna nó luach saothair ar bith a íoc le húinéir an tsaothair.

Ní hamháin go gcuirtear cosaint ar fáil le cóipcheart do shaothar bunaidh an chruthaitheora ach tugtar cosaint chomh maith don atáirgeadh den saothar nó na saothair sin ar fad nó de chuid de nó cuid díobh ar bhealaí éagsúla. Tá an chosaint seo ina dhá fhoirm de dhá cheart ar a dtugtar an Ceart Eacnamaíoch agus an Ceart Morálta.

Ceart Eacnamaíocha

Le cosaint chóipchirt beidh cruthaitheoirí i dteideal smacht a bheith acu ar a n-ábhar liteartha agus ealaíonta ar roinnt bealaí amhail cóipeanna a dhéanamh, léiriú a dhéanamh go poiblí, craoladh, úsáid ar líne, etc. agus luach saothair eacnamaíoch cuí a fháil. Dá réir sin féadfaidh cruthaitheoirí luach saothair a fháil ar a gcruthaitheacht agus a n-infheistíocht. Le cóipcheart tugtar an ceart don chruthaitheoir chun cosc a chur ar dhaoine eile leas a bhaint as an saothar ar bhealaí éagsúla, gan chead, e.g. an saothar a chóipeáil; an saothar a chur ar fáil don phobal; an saothar a dháileadh; é a ligean ar cíos nó a thabhairt ar iasacht (gan iasacht phoiblí san áireamh); agus an saothar a aistriú, a eagrú nó a chur in oiriúint. Leis na cearta eacnamaíocha sin beidh an cruthaitheoir ábalta táille, nó ríchíos a ghearradh ar atáirgeadh an tsaothair. Sampla de chumhacht ceart eacnamaíoch is ea i gcás gur féidir le húdar leabhair tairbhe a bhaint chomh maith as oiriúnuithe scannáin dá leabhair chomh maith le díol marsantachta a bhaineann leis an leabhar nó leis an scannán.

Cearta Morálta

Le cóipcheart chomh maith tugtar cearta morálta chun aitheantas a fháil mar chruthaitheoir nó mar údar cineálacha áirithe ábhair (ar a dtugtar an ceart atharthachta corruair), agus chun cur i gcoinne shaobhadh agus mhilleadh an ábhair sin. Baintear úsáid go minic as ceart údair chun cur i gcoinne athraithe nó gníomh maslach i ndáil lena shaothar nó lena saothar chun cur i gcoinne chaitheamh nó úsáid a saothar ag daoine eile má cheapann an t-údar/cruthaitheoir go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dá cháil nó dá ionraice nó dá cáil nó dá hionraice. Feictear sampla coitianta de sin go minic is i dtoghcháin i gcás go gcuireann ealaíontóirí nó cumadóirí amhrán i gcoinne úsáid a n-amhrán óna stór ag iarrthóirí a mbaineann polaitíocht nó cáil chonspóideach leo.

I gCaibidil 7 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (Uimh. 28 de 2000) pléitear na cearta morálta atá i bhfeidhm in Éirinn go mion.