Cóipcheart a Thuiscint

Is ionann cóipcheart agus ceart um maoin intleachtúil a bhíonn bainteach go príomha, ach nach mbaineann go heisiach, leis na hearnálacha cultúrtha, ealaíon agus teicneolaíochta faisnéise.  Is é an fhoirm dhlíthiúil chosanta a úsáideann cruthaitheoirí agus údair na saothar sin chun cineál inbhraite a saothar aonair ar fad nó cuid díobh a chosaint. Is ionann foirm inbhraite smaoinimh go bunúsach agus cur in iúl smaoinimh i bhfoirm infheicthe agus/nó inchloiste.  D’fhéadfadh sé sin a bheith i gcás ina scríobhann amhránaí liricí agus nótaí ceoil a saothar ar pháipéar nó i gcás go dtaifeadann siad an t-amhrán fiú. Samplaí eile ná údar ag scríobh leabhair, grianghrafadóir ag glacadh grianghraif, nó dealbhóir ag cruthú íomhá nó duine éigin ag cruthú feidhmchlár bogearraí. Sna cásanna sin ar fad, thosaigh siad le smaoineamh (lena dteastaíonn tuilleadh forbartha go minic, ach ní i gcónaí) sula ndéanann siad é a chur in iúl ar bhealach infheicthe nó inchloiste.

Baintear úsáid ansin as an tsiombail Chóipchirt © (agus ar ndóigh, an reachtaíocht maidir le Cóipcheart) chun cosaint a chur ar fáil do gach cuid de chur in iúl an smaoinimh ar leith sin amhail na liricí agus/nó fonn amhráin, tréithe agus/nó sleachta ó leabhar nó ó scannán.

Maireann cóipcheart le linn shaolré an údair agus ar feadh roinnt blianta i ndiaidh a mbáis, is féidir le cruthaitheoir saothair Cóipcheart an tsaothair a chur ar aghaidh chuig a neasghaol dá dtairbhe chomh maith.

Ní chosnóidh Cóipcheart smaointe nó coincheapa má tá siad doiléir nó nuair nach bhfuil ábhar suntasach a bith leo e.g. plota leabhair nach bhfuil scríofa fós, seó cluiche teilifíse a bhfuil na rialacha leis le cinneadh fós, grianghraf nár glacadh fós.

Mar sin agus fonn le haghaidh amhráin nó smaoineamh le haghaidh Aipe d’fhón póca ag dul thart i d’intinn ach nach ndearna tú rud ar bith eile faoi seachas sin, sin a bhfuil ann mar sin....smaoineamh go díreach! Níl rud ar bith ann a chuirfeadh stop le duine eile ón smaoineamh céanna a bheith acu agus dul ar aghaidh chun é a chur in iúl go hiomlán i bhfoirm a bhféadfaí a chosaint le Cóipcheart.

Ní córas clárúcháin ar bith ann le haghaidh cosaint chóipchirt in Éirinn toisc go dtagann cóipcheart go huathoibríoch ar chruthú saothair bhunaidh. Ní caithfidh tú do shaothar féin a fhoilsiú, fógra um chóipcheart a chur air nó rud ar bith eile a dhéanamh chun clúdach cóipchirt a fháil – tá an chosaint saor in aisce agus uathoibríoch.

Is é an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 an phríomhreachtaíocht lena rialaítear cóipcheart in Éirinn.