Cearta a bhaineann le Cóipcheart

Cearta a bhaineann le Cóipcheart

Níl cearta teoranta do chruthaitheoirí na saothar féin amháin ach d’fhéadfadh cearta áirithe eile a bheith i bhfeidhm maidir le daoine eile a bhí bainteach i gcruthú nó i dtáirgeadh an tsaothair. Mar shampla, tá cearta áirithe ag an gcomhlacht ceoil i dtaifeadadh fuaime léirithe amhráin, chomh maith leis sin beidh cóipcheart áirithe ag údar (údair) na liricí agus an cheoil. Mar an gcéanna tá cearta ag ealaíontóirí taibhiúcháin ina léirithe. Déantar foráil sa reachtaíocht chomh maith i leith cearta morálta, amhail an ceart chun aitheantas a fháil mar údar saothair faoi leith agus an ceart chomh maith chun cur i gcoinne chaitheamh maslach an tsaothair sin. Clúdaítear réimse ceart sa téarma “Cearta Gaolmhara” dá dtagraítear in Acht 2000 a tháinig as prionsabail um chóipcheart.

Cearta Taibheoirí agus Cearta i Léirithe

Catagóir eile maidir le ceart gaolmhar is ea cearta taibheoirí agus cearta i léirithe. Ní fíorcheart maoine intleachtúla é seo, ach is cineál “cirt phoiblíochta” é a bhaineann le ceart taibheoirí chun cearta eisiacha saothraithe i ndáil lena léirithe, agus ceart ceannaitheoirí chun cearta eisiacha taifeadta chun na cearta sin a fhorfheidhmiú i ndáil le léirithe.

Cearta Morálta

Tá catagóir eile de “chearta morálta” ann, a bhaineann le cóipcheart agus cearta taibheoirí araon. Leis na cearta sin tugtar ceart d’údair saothar agus do thaibheoirí aitheantas a fháil mar údar/thaibheoir, agus ceart chun cur i gcoinne caitheamh maslach saothair nó léirithe sa dlí, faoi réir coinníollacha áirithe. Leis an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 tugadh isteach cearta morálta i ndlí na hÉireann um chóipcheart den chéad uair.

Sui Generis

Catagóir dheireanach is ea cearta “sui generis” a bhaineann le cóipcheart. Cearta “sui generis” (a aistríonn mar “eisceachtúil” nó “uathúil”) a bhaineann le cóipcheart. In Alt 34 (an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000) sonraítear “ Aon duine, tar éis dul in éag don chóipcheart i saothar, a chuirfidh saothar nár cuireadh ar fáil roimhe seo ar fáil don phobal den chéad uair, bainfidh sé leas as cearta atá comhionann le cearta údair, seachas na cearta morálta, ar feadh 25 bliana ón dáta a chuirfear an saothar ar fáil go dleathach don phobal den chéad uair”. Tugadh an ceart seo isteach chun dreasacht airgeadais a chur ar fáil as saothair neamhfhoilsithe roimhe seo a fhoilsiú.

Maidir le Bunachair Shonraí, soláthraítear cosaint chóipchirt chun an “bunchruthú intleachtúil a léiríonn bailiúchán na sonraí” a aithint. Le ceart breise “sui generis” nó “neamhspleách” aithnítear agus cosnaítear an infheistíocht in am, saothar nó infheistíocht chaipitil i mbunachar sonraí a bhunú.