Cuardach Paitinní  

Cén fáth a ndéanfá cuardach?

Is féidir le cuardach cuidiú leat a fheiceáil an bhfuil rud ar bith comhchosúil ar an margadh a d’fhéadfadh dul i gcion ar an seans go bhfaighfeá cosaint phaitinne. Is féidir le cuardach cur amú ama agus airgid a sheachaint trí iarratas a dhéanamh ar rud éigin a ceapadh cheana féin. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach chomh maith eolas táirge iomaíoch a fháil agus a chinntiú nach sáróidh an táirge paitinn duine éigin eile.

•Cuardaigh paitinní foilsithe, an t-idirlíon agus foilseacháin trádála lena fháil amach an bhfuil d’aireagán úr agus seiceáil an bhfuil aireagáin chomhchosúla ann.

•Seiceáil lena fháil amach an bhfuil do mhaoin intleachtúil á sárú

•Seiceáil doiciméid phaitinne le haghaidh réitigh fhéideartha ar fhadhbanna teicniúla agus táirgthe.

•Faigh eolas táirge maidir le d’iomaitheoirí chun críocha taighde agus chun an méid atá ar eolas cheana a fháil amach.

•Sula dtosóidh tú ag monarú, seiceáil an bhféadfaí paitinn atá ann cheana bac a chur ort.

•Bain úsáid as cuardach chun ceadúnóirí agus comhpháirtithe gnó ionchasacha a fháil.

•Seiceáil an bhfuil paitinn cosúil le d’aireagán ar fáil cheana féin.

•Féach an bhfuil paitinní ar fáil lena gceadúnú i do réimse teicneolaíochta.

Leis na naisc thíos tabharfar go díreach chuig gach gné Cuardaigh Paitinní ar ár suíomh agus chuig innill chuardaigh úsáideacha paitinní eile thú

Suíomhanna gréasáin eile um fhaisnéis paitinní.