Séanadh

Séanadh

Tá gach cúram réasúnach glactha ag Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann i ndáil le cruinneas na faisnéise ar an suíomh gréasáin seo. Ní bheartaítear an fhaisnéis ach amháin mar threoir, agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil í. Moltar do léitheoirí comhairle ghairmiúil neamhspleách a lorg sula ngníomhaíonn siad mar gheall ar aon ní atá anseo.

Má fhoilsítear reachtaíocht, lena n-áirítear leaganacha comhdhlúite na nAchtanna agus Rialacha ar an suíomh gréasáin seo, ní thugann sé sin le fios go bhfuil aon fhoráil ar leith i reacht nó in ionstraim reachtach i bhfeidhm faoi láthair, nó go raibh aon fhoráil ar leith i reacht nó in ionstraim reachtach i bhfeidhm. Ní dhéanann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann aon ráthaíochtaí i ndáil le cruinneas ná comhláine na sonraí ar an suíomh nó na sonraí atá ann. Ní bheidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann freagrach as na hiarmhairtí mar gheall ar aon earráid, aon ní atá fágtha ar lár, éilliú sonraí nó aon leasú den fhaisnéis a tharchuirtear, a tharlaíonn ag aon am le linn an tarchurtha ón gcóras óstach, nó ina dhiaidh. Is é an t-úsáideoir, agus eisean amháin, a bheidh freagrach as aon chaillteanas a tharlóidh mar gheall ar úsáid faisnéise a bheidh ar taispeáint ar an suíomh gréasáin seo.