Sula dtionscnóidh tú caingean forfheidhmiúcháin dlí

Chun socrú a dhéanamh nó chun dul chun dlí

Is féidir le dlíthíocht maoine intleachtúla, amhail gach cineál dlíthíochta, bheith am-íditeach agus thar a bheith costasach. Dá réir sin is fiú breathnú ar réitigh eile sula gcinnfidh tú cén cineál caingne dlíthiúla is fearr. Is fearr na réitigh sin a scrúdú le cuidiú ó chomhairleoir dlíthiúil/gairmí maoine intleachtúla ionas go gcuirfear cosc ar an sárú nó ar go ndéanfaí an cheist a shocrú lasmuigh den chúirt.

Réiteach amháin is ea smaoineamh ar litir éilimh, nó litir scoir agus éirigh as a eisiúint. Baintear úsáid as é sin go minic chun teacht chuig an té atá in ainm a bheith ag sárú na gceart um maoin intleachtúil.

Ba cheart sásraí idirbheartaíochta, idirghabhála, eadrána agus réitigh mhalartach díospóidí a chur san áireamh chomh maith sula gcuirfear tús le dlíthíocht os comhair na cúirte. I gcás nach n-éireoidh leis na hiarrachtaí ar fad réiteach lasmuigh den chúirt a fháil, áfach, d’fhéadfaí a mholadh duit gurb é an rud is fearr le déanamh caingean a thabhairt os comhair na cúirte. Mura bhfuil sé déanta agat cheana, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le haturnae/comhairleoir dlíthiúil/gairmí maoine intleachtúla, a bheidh ábalta comhairle a thabhairt duit faoin dóigh le dul ar aghaidh agus measúnú ar an seans go n-éireoidh leat a thabhairt duit. Roimh dhlíthíocht, ba cheart na tosca seo a leanas a chur san áireamh agus a mheas:

  • Neart do cháis agus an deis a bheidh ann agra a dhéanamh
  • An baol go dteipfear ort/seans go n-éireoidh leat.
  • Infhaighteacht cosanta don chontrapháirtí/don duine a rinne an sárú (e.g. frithéilimh nó eisceachtaí).
  • Go bhfuil cruthúnas agat ar úinéireacht na gceart um maoin intleachtúil lena mbaineann.
  • Go dtaispeánann tú go ndearna sárú.
  • Méid an fhaoisimh i bhfoirm an chúitimh agus na damáistí a d’fhéadfaí a aisghabháil.
  • Costais na dlíthíochta.
  • Malairtí féideartha ar bith eile.

Próiseas an Iarratais ar Chaingean leis na hÚdaráis Custaim/Coimisinéirí Ioncaim

Cur chuige eile ná beart coisctheach forfheidhmiúcháin a úsáid a bhaineann leis na húdaráis custaim. Is féidir le húinéir maoine intleachtúla iarratas a dhéanamh ar fhógra um chaingean leis na húdaráis custaim chun lastais earraí a sháraíonn maoin intleachtúil a stopadh go díreach ag pointí allmhairiúcháin isteach sa Stát. Tá Sonraí ar fáil i Roinn 2 den Lámhleabhar um Fhorfheidhmiú Custaim maidir le Cearta Maoine Intleachtúla a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim.

Forfheidhmiú Custaim.pdf (méid 224 KB)

Príomhphointí le cur san áireamh:

  • Déan scrúdú ar gach maoin intleachtúil ar le d’eagraíocht/cuideachta í agus atá riachtanach do d’eagraíocht/chuideachta.
  • Cláraigh do chearta um maoin intleachtúil sna tíortha ina ndéanann tú gnó.
  • Deimhnigh nach bhfuil d’aireagán, trádmharc, branda, ábhair mhargaíochta, suíomh gréasáin do chuideachta, nó íomhánna do do phacáiste, táirge nó seirbhís ag sárú ceart daoine eile.
  • Ná bain úsáid ach as ábhar atá ceadúnaithe mar is ceart.
  • Cosain faisnéis rúnda gnó go hinmheánach agus go seachtrach.
  • Bí aireach trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an tírdhreach ábhartha maoine intleachtúla.
  • Bain úsáid as gníomh custaim chun stop a chur le lastais earraí a sháraíonn maoin intleachtúil.
  • Cuir straitéis chosanta i bhfeidhm chun sáruithe a chomhrac.
  • Más gá duit do chearta a fhorfheidhmiú, bí ábalta do chás a dhéanamh sula rachaidh tú os comhair na cúirte leis.
  • Cinntigh go bhfuil an modh forfheidhmiúcháin a roghnaigh tú i gcoinne an duine/cuideachta cheart.
  • Faigh cuidiú ó ghairmí maoine intleachtúla.