Ríomhphoist gan iarraidh - camscéimeanna maoine intleachtúla - Rabhadh

Rabhadh: Bí aireach ar Chamscéimeanna a Mhaíonn go bhfuil Baint acu le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann nó iarratais ar íocaíocht táillí.

Ar an drochuair, tá sé curtha ar aird Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann go bhfuil iarratais á bhfáil ag iarratasóirí agus úinéirí ar íocaíochtaí táillí ó fhoinsí neamhoifigiúla. Maíonn na heintitis sin gur glacadh le do phaitinn nó le do thrádmharc lena gclárú agus go bhfuil íocaíocht táille suntasaí dlite. Bíonn na cineál sin iarratas i bhfoirm sonraisc nó litreach a mbíonn cuma oifigiúil orthu de ghnáth, a chuirtear amach i ndiaidh fhoilsiú an iarratais agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, go mbeadh sonraí fíor-iarratais iontu. Maíonn eintitis eile go ndéanfar do phaitinn nó do thrádmharc a athnuachan nuair a gheofar íocaíocht táille ar leith uait.

Cibé seirbhísí a fhéadfaidh a thairiscint sna cuirí sin, níl baint ar bith acu le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann agus ní eisíonn Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann iad. D’fhéadfadh gur iarracht iad airgead a fháil go fealltach.

Tá líon cuideachtaí cur chun cinn atá ag méadú i bhfeidhm faoi láthair. Cé gur fíorchuideachtaí iad a lán de na cuideachtaí sin tagann a lán acu i dtír ar cheapadóirí úra nach bhfuil eolach faoin bpróiseas maidir le paitinniú agus cosaint Maoine Intleachtúla. Déanfaidh roinnt gnóthas iarraidh táillí móra a fháil ó dhaoine aonair le gealltanais bhréige paitinní luachmhara agus an-rath in áit an mhargaidh. Bí cúramach agus taighde á dhéanamh agat ar na cuideachtaí sin sula nglacfaidh tú le tairiscintí cúnaimh ar bith uathu.

Má thairgeann duine nó cuideachta clárú dá leithéid duit nó má iarrann siad ort táille a íoc, deimhnigh fíordheimhneacht an iarratais sula ndéanfaidh tú rud ar bith, le do thoil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, a bheidh sásta comhairle a thabhairt duit maidir le barántúlacht nó eile iarratas ar bith.

Is iad na haon oifigí a bhfuil an t-údarás acu cosaint dhlíthiúil a chur ar fáil le haghaidh paitinní, dearaí agus trádmharcanna in Éirinn Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, Oifig Eorpach na bPaitinní agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtaí an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach roimhe seo).

Foilsíodh samplaí d’iarratais bhréagach ar shuíomhanna gréasáin iad seo a leanas:

The World Intellectual Property Organisation WIPO

The European Union Intellectual Property Office EUIPO