Maoin Intleachtúil eile a Shárú

Níl sé éigeantach do Chearta um Maoin Intleachtúil féin a chosaint. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh tú ar an eolas go hiomlán faoi Chearta um Maoin Intleachtúil daoine eile agus go mbeidh meas agat orthu. Dá bhrí sin, sula roghnóidh tú ainm nó branda do chuideachta nó sula gcuirfidh tú dearadh nó táirge úr san fhearann poiblí, beidh ort a chinntiú nach bhfuil cearta cosanta ar bith á sárú agat. Ar an drochuair, má sháraíonn tú iad, ní féidir leat aineolas a úsáid mar chosaint agus d’fhéadfaí go ngearrfaí costais ort.

Lena chois sin, má fhaightear sárú am éigin níos déanaí, mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort do chuideachta iomlán a athbhrandáil agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhotúin thar a bheith costasach.

Chun sárú a sheachaint, déan cuardach ar dtús sna bunachair shonraí oifigiúla:

Paitinní

Quick Search using Patent Number

Patent Advanced Search

Patent Links to International Searches

Trádmharcanna

Quick Search using Trade Mark Number

Trade Mark Advanced Search

Trade Mark Links to International Searches

Dearaí

Quick Search using Design Number

Design Advanced Search

Design Links to International Searches

Má fhaigheann tú an t-ainm/branda/táirge nó dearadh is mian leat a úsáid sna torthaí, beidh ort a sheiceáil ansin an bhfuil nó nach bhfuil an chosaint bunaithe i dtír ar bith inar mian leat í a úsáid. Is féidir leat stádas na cosanta a sheiceáil chomh maith, e.g. ciallaíonn imithe in éag nach bhfuil an chosaint i bhfeidhm a thuilleadh.

I gcás Trádmharcanna, féadfaidh tú ainm a úsáid atá ann cheana nuair a bheidh sé á úsáid agat in aicmiú neamhchontrártha. Sampla maith de sin is ea an t-ainm ‘Oasis’ a úsáidtear le haghaidh banna ceoil, siopa éadaí ban agus deoch torthaí.