Iarratas a dhéanamh ar Thrádmharc

Ní chiallaíonn sé go bhfuil, nó go mbeidh sé trádmharc cláraithe díreach mar gheall gur cuireadh iarratas isteach. Déantar gach iarratas ar thrádmharc a scrúdú ar a bhfiúntais lena chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le clárú atá leagtha amach sa reachtaíocht (Acht na dTrádmharcanna, 1996).

Tuigim agus glacaim leis nach féidir liom athruithe ar bith a dhéanamh ar an trádmharc (trádmharcanna) ar a ndearna mé iarratas nó tuilleadh earraí níos seirbhísí a chur leis nuair a bheidh an t-iarratas curtha isteach.

Admhaím go gcuirfear sonraí an iarratais isteach i mbunachair shonraí agus Clár Trádmharcanna na hOifige atá ar fáil don phobal lena seiceáil agus lena n-iniúchadh. Glacaim leis chomh maith go bhfuil táillí ar bith maidir leis an iarratas neamh-in-aisíoctha.

Bíodh a fhios agat, le do thoil, go mbeidh táille chlárúcháin eile €177 le híoc má chuirtear do mharc ar aghaidh lena chlárú.

Wish to Proceed