Seirbhís do Chustaiméirí - Nósanna imeachta maidir le gearáin

Féachann Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann le seirbhís éifeachtach agus éifeachtúil a chur ar fáil dá custaiméirí i gcónaí. Déanfaimid ár ndícheall gan forais le haghaidh gearán a thabhairt maidir le ceann ar bith dár ngníomhaíochtaí nó dár nósanna imeachta. Mar sin féin, is féidir le rudaí dul chun donais. I gcásanna dá leithéid, tabharfar cuidiú do na baill foirne a láimhsigh an cheist arb í ábhar gearáin chun déileáil leis an bhfadhb agus í a réiteach, más gá le cuidiú agus maoirseacht bainisteoirí sinsearacha.

Creidimid go bhfuil an ceart ag custaiméirí gearán a dhéanamh mura soláthraítear leibhéal agus cáilíocht réasúnta seirbhíse. Déileálfar le gach gearán ar bhealach cóir agus tuisceanach.

C. Cé leis a dhéanfaidh mé gearán?  Cé a bheidh ag déileáil le mo ghearán?

F. Is féidir leat gearán a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann:

Go pearsanta

Tríd an bhfón nó le facs: 056-7720111

I scríbhinn: Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, Oifigí an Rialtais, Bóthar Hebron, Cill Chainnigh, R95 H4XC

Le ríomhphost: ipinfo@ipoi.gov.ie

Tríd an bhFoirm Gearáin a chur isteach.

Déanfaidh foireann ón rannóg ábhartha iarracht do ghearán a réiteach go gasta, le cuidiú ó mhaoirseoir nó ó cheann rannóige má gá.

C. Cad a tharlóidh mura mbím sásta leis an bhfreagra ar mo ghearán ón rannóg?

F. Mura mbeidh tú sásta leis an tseirbhís atá á soláthar ag an rannóg ba cheart duit scríobh chuig an gCeann Rannáin cuí.  Má bhíonn tú míshásta fós leis an bhfreagra ón gCeann Rannáin ba cheart duit scríobh go díreach chuig Rialaitheoir Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

C. Cén fad a bheidh orm fanacht go dtí go ndéanfar scrúdú ar mo ghearán?

F. Cuirfear admháil chugat laistigh de dhá lá oibre ón ngearán a fháil.  Eiseofar freagra iomlán i scríbhinn laistigh de 10 lá oibre ón ngearán a fháil agus cuirfimid scéala chugat go díreach maidir le moilleanna ar bith a mbeifear ag súil leo agus soláthróimid achar ama don réiteach.

Oifig an Ombudsman

Má cheapann tú nár caitheamh go cóir leat nó mura mbeidh tú sásta lenár gcinneadh faoi do ghearáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman.  De réir an dlí is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi cheann ar bith dár ngníomhaíochtaí nó dár nósanna imeachta riaracháin chomh maith le moilleanna nó neamhghníomh i do dhéileálacha linn.  Soláthraíonn an Ombudsman seirbhísí réitigh díospóidí atá saor in aisce, neamhchlaonta agus neamhspleách.

Sonraí teagmhála:

Oifig an Ombudsman

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teil: Glao Áitiúil 1890 22 30 30

Teil:  01 6395600

Facs: 01 6395674

Ríomhphost:  info@ombudsman.ie

Déan teagmháil le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann

Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann

Oifigí an Rialtais

Bóthar Hebron

Cill Chainnigh

Teil: 00 353 56 7720111

Glao Áitiúil: 1890 220223

Facs: 00 353 56 7720100

Facs Glao Áitiúil: 1890 220120

Ríomhphost:    ipinfo@ipoi.gov.ie

Suíomh gréasáin: www.ipoi.gov.ie