Déan Teagmháil Linn

Tá Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann suite i gCill Chainnigh.

Leabharlann agus Lárionad Eolais Chill Chainnigh

Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann

Oifigí an Rialtais

Bóthar Hebron

Cill Chainnigh

R95 H4XC

Teil: +353-56-7720111

Teil. Glao Áitiúil: 1890-220223 (laistigh d’Éirinn)

Facs: +353-56-7720100

Teil. Glao Áitiúil: 1890-220120 (laistigh d’Éirinn)

Ríomhphost: ipinfo@ipoi.gov.ie

Tá Leabharlann agus Lárionad Eolais Chill Chainnigh oscailte ó Luain go hAoine ó 9.30am go 5.00pm gach lá, am lóin san áireamh. Tá an Leabharlann agus an Lárionad Eolais ar fáil lena n-úsáid ag iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh ar phaitinní nó chun trádmharcanna agus dearaí a chlárú agus lena n-úsáid ag duine eile a bhfuil suim acu iontu. Tá rogha leabhar agus tréimhseachán sa Leabharlann ina bpléitear ábhair suime do cheapadóirí agus d’úinéirí trádmharcanna, agus eagráin cothrom le dáta de shaothair chaighdeánacha ar an Dlí maidir le Paitinní agus Trádmharcanna. Tá foireann iomlán Iris Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ar fáil sa Leabharlann chomh maith.