Cé muid

Maidir le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann

Is í Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann an ghníomhaireacht náisiúnta um maoin intleachtúil, faoi choimirce na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta atá freagrach as ceart um Maoin Intleachtúil a riar in Éirinn.

Baineann ár bhfeidhmeanna reachtúla le deonú Paitinní agus clárú Trádmharcanna agus Dearaí agus the riarachán agus cothabháil na gceart maoine tionscail sin (léigh tuilleadh faoi seo i About Intellectual Property).

Ráiteas Misean

Is é misean lárnach Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann:

“Córas éifeachtach agus éifeachtúil um chosaint maoine tionscail lena spreagfar dul chun cinn teicneolaíoch agus lena gcuirfear fiontraíocht chun cinn trí chur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha ag an Oifig".

Bainfear é seo amach trí chearta maoine tionscail a chosaint sna réimsí maidir le paitinní, trádmharcanna agus dearaí, agus scaipeadh an eolais ábhartha i gcomhar le gach ceann de na gníomhaíochtaí sin.