Na tairbhí a bhaineann le Cosaint um Maoin Intleachtúil

D’fhéadfadh a lán sócmhainní éagsúla a bheith i gceist le do mhaoin intleachtúil, idir lóganna agus aitheantas corparáideach agus táirgí, seirbhísí agus próisis núíosacha lena n-idirdhealaítear a bhfuil le táirgeadh ag do ghnólacht.

Tá Maoin Intleachtúil riachtanach má tá le héirí le nuálaíocht. Tugtar luach saothair léi do chruthaitheacht agus féadfar tairbhí inbhraite a chruthú do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus don tsochaí.

Ní thuigeann a lán cuideachtaí go bhféadfadh a sócmhainní maoine intleachtúla a bheith lárnach dá bpríomhsheirbhísí agus d’inmharthanacht fhadtéarmach ar an iomlán. Lena chois sin, creideann a lán cuideachtaí beaga go nglacann sé barraíocht ama le leas a bhaint as a maoin intleachtúil, go bhfuil sé róchostasach agus go bhfuil sé deacair toradh ar infheistíocht a fháil. Ní hé sin mar atá agus ba cheart do chuideachta ar bith beag beann ar a méid nó ar chineál a gnó straitéis a bheith acu ina gcuirtear san áireamh an tábhacht a bhaineann le sócmhainní maoine intleachtúla. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh straitéis i bhfeidhm chun táirgí nó seirbhísí uathúla ar bith atá agat a chosaint toisc go bhféadfadh iomaitheoirí do rath a ghoid nó leas a bhaint as go bunúsach chun do sciar den mhargadh a thabhairt leo. Mura gcuireann tú do mhaoin intleachtúil san áireamh beidh drochthionchar aige sin ar chumas do chuideachta fás agus a sruth ioncaim a chomhdhlúthú. Nuair a chailltear an sciar den mhargadh go luath i bhforbairt gnó d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuille trom agus a bheith am-íditheach murar smaoineamh tú riamh ar do mhaoin intleachtúil a chosaint nó cad ba cheart duit a dhéanamh má dhéantar sárú ort.

Tá cuid de na príomhbhuntáistí a bhaineann le cosaint um maoin intleachtúil leagtha amach thíos:

  • Nuair a chosnaíonn tú do mhaoin intleachtúil tugtar ceart eisiach duit agus d’fhéadfadh sé cuidiú le do ghnó déanamh níos fearr ná mar a dhéanfadh sé seachas sin, nó d’fhéadfadh sé tús a chur le gnó úr.
  • Braithfidh forbairt straitéisí éifeachtacha cosanta um maoin intleachtúil ar do ghnó faoi leith. D’fhéadfadh réimse roghanna cosanta um maoin intleachtúil a bheith i gceist le straitéis éifeachtach. Mar shampla, d’fhéadfá cosaint phaitinne a lorg do do tháirge, a dhearadh a chlárú agus straitéis bhrandála bunaithe ar thrádmharc cláraithe a fhorbairt.
  • Le cosaint um maoin intleachtúil is féidir leat sócmhainn inláimhsithe a dhéanamh de d’eolas/smaoineamh ar féidir í a shannadh, a aistriú agus a cheadúnú.
  • Is féidir do mhaoin intleachtúil faoi chosaint a úsáid mar thionchar chun infheisteoirí a mhealladh, mar chomhthaobhacht chun airgead a fháil.
  • Má chosnaíonn tú do mhaoin intleachtúil d’fhéadfadh sé na rioscaí a bhaineann le tráchtálú a laghdú trí iomaitheoirí a dhíspreagadh ón maoin intleachtúil faoi chosaint a úsáid.

Trí do mhaoin intleachtúil a chosaint d’fhéadfadh sé cuidiú leat ioncam a ghiniúint agus toradh ar infheistíocht i T&F a sholáthar.Trí do mhaoin intleachtúil a chosaint d’fhéadfá a bheith ábalta ioncam ríchíosa ó cheadúnú a ghiniúint.Is féidir le trádmharc/branda feidhmiú mar “shuaitheantas tionscnaimh” agus a úsáid chun d’earraí/sheirbhísí a chur chun cinn agus ar an tslí sin ráthaíocht foinse agus cháilíochta do chustaiméirí/chustaiméirí ionchasacha a sholáthar.

D’fhéadfadh sé go gcinnfeá nach fiú cosaint phaitinne agus go mbeidh go leor ama i gceist chun aitheantas agus dílseacht bhranda a fhorbairt nó táirgí agus seirbhísí úra a fhorbairt má choinnítear rúndacht agus má úsáidtear comhaontuithe rúndachta. Nó d’fhéadfá díriú ar thrádmharc amháin chun do staid sa mhargadh a fhorbairt, mar a luaithe is a bheidh do tháirge ar an margadh, ní féidir leat cosc a chur ar dhaoine eile é a chóipeáil.

Trí réimse beart cosanta a úsáid tugtar sraitheanna cosanta duit agus neartóidh sé do staid sa mhargadh. Cibé straitéis a ghlacfaidh tú chun do mhaoin intleachtúil a chosaint, go hidéalach ba cheart é a chomhtháthú i do phlean gnó foriomlán.

Fiosraigh na roghanna ar fad atá ar fáil agus lorg comhairle ghairmiúil, ó ghníomhaire paitinní nó trádmharcanna, más gá.

Tairbhí eile

Baineann a lán tairbhí le maoin intleachtúil a chosaint, nach mbeadh follasach láithreach. Mar shampla, in Éirinn tá buntáistí cánach agus cánachas laghdaithe maidir le brabúis a bhaineann le táirgí a díoladh atá clúdaithe le cearta maoine intleachtúla cláraithe (paitinní agus cóipcheart) agus rúin trádála.

Tá buntáistí eile nach luaitear chomh minic leagtha amach sa bhileog eolais iniata.

Gnéithe dearfacha maidir le cearta um maoin intleachtúil