Ceadúnú

Straitéis choiteann is ea ceadúnú chun maoin intleachtúil a thráchtálú. Ciallaíonn sé sin go simplí go dtugann úinéir maoine intleachtúla cead trí chomhaontú um cheadúnú do dhuine nó do ghnólacht eile an mhaoin intleachtúil a úsáid ar théarmaí agus coinníollacha comhaontaithe. Ba cheart smaoineamh i gcónaí ar mhaoin intleachtúil a cheadúnú mura bhfuil na hacmhainní nó an taithí agat féin nó ag do chuideachta chun do tháirge nó do sheirbhís a fhorbairt/mhonarú agus a chur ar an margadh.

Baineann socruithe um cheadú de ghnáth le cóipcheart, paitinní, dearadh agus trádmharcanna, ach is féidir maoin intleachtúil de chineál ar bith a cheadúnú.

Is féidir dhá chineál ceadúnais a chatagóiriú de ghnáth:

(i) Ceadúnas maidir le cearta áirithe um maoin intleachtúil - e.g. ceadúnas chun saothar faoi chóipcheart a atáirgeadh nó a dháileadh;

(ii) Ceadúnas maidir leis na cearta uile maoine intleachtúla is gá chun táirgí a atáirgeadh, a dhéanamh, a úsáid, a dhíol bunaithe ar chineál teicneolaíochta (ceadúnas teicneolaíochta nó táirge).

Go hiondúil, faoi chomhaontú um cheadúnú, iarrfaidh an ceadúnóir (úinéir na maoine intleachtúla) ar an gceadúnaí céatadán den ioncam ó dhíolachán a íoc leis an gceadúnóir go tráthrialta. Tugtar ríchíosanna ar íocaíochtaí dá leithéid.

Má dhéantar táirge a mhonarú ag baint úsáid as maoin intleachtúil cheadúnaithe, mar sin is cuí go n-íocfaí ríchíos le haghaidh úsáid an phróisis sin.

Le comhaontú um cheadúnú is féidir leis an gceadúnóir (úinéir na maoine intleachtúla) na rioscaí agus na costais a sheachaint a bhaineann le hinfheistiú i líne mhonaraíochta agus straitéis mhargaíochta agus iad a chur ar bun agus an baol nach sroichfeadh an táirge an margadh nó nach n-éireodh leis a sheachaint. Ar an láimh eile, seachnaíonn an ceadúnaí na rioscaí a bhaineann le costais T&F agus an táirge nó an próiseas a fhorbairt agus is é an ceadúnaí amháin a gheobhaidh na brabúis i ndiaidh íocaíocht na ríchíosanna.

Is féidir maoin intleachtúil a “cheadúnú amach” nó a “cheadúnú isteach”. Mar shampla, má ‘cheadúnaíonn tú amach” do chuideachta nó d’eagraíocht eile ar luach saothair, airgeadais nó sochair “chomhchineáil” eile nó comhcheangal den dá rud. B’fhéidir go dteastóidh uait “cheadúnú isteach” a dhéanamh más mian leat maoin intleachtúil cuideachta eile a úsáid chun do ghnó agus do tháirgí féin a fhorbairt.

Ba cheart comhairle dhlíthiúil a lorg roimh dhul isteach i gcomhaontú um cheadúnú nó roimh idirbheartaíocht maidir leis a dhéanamh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le ceadúnú agus saincheadú féach ar an méid seo a leanas, le do thoil:

Patent Office Licensing Presentation .pptx

EU IPR Guide to IP Commercialisation.pdf

Fact Sheet Commercialising IP Licence Agreement.pdf