Na hUirlisí Cuardaigh Trádmharcanna a Úsáid

Is é clárú trádmhairc ceann de na bealaí is láidre chun branda a chosaint agus is bealach é chun cosc a chur ar dhuine ar bith eile é a úsáid. Mura gcláraíonn tú do thrádmharc, d’fhéadfadh daoine eile é a chlárú agus d’fhéadfadh siad do chearta a fháil lena n-earraí agus seirbhísí a idirdhealú.

Sula ndéanfaidh tú iarratas ar thrádmharc úr, áfach, tá sé riachtanach a chinntiú go bhfuil tú saor chun é a úsáid a mhéid is nach bhfuil sé cosúil le nó go díreach mar an gcéanna le trádmharc atá ann cheana (cláraithe) nó le hábhair iarratais ar feitheamh atá ann cheana ar chlárú mairc san aicme chéanna earraí agus seirbhísí.

Tá sé tábhachtach chomh maith go bhféachfá ar bhunachair shonraí trádmharcanna agus Iris Oifigiúil na hOifige lena sheiceáil an bhfuil trádmharcanna ann atá cosúil le nó go díreach mar an gcéanna le do cheannsa á gclárú. D’fhéadfadh sé go mbeadh suim agat i gcaingean dlí a thionscamh i gcoinne iarratas nó clárú duine éigin eile ar thrádmharc. Leis na naisc thíos tabharfar go díreach chuig gach gné Cuardaigh Trádmharcanna ar ár suíomh thú:

·         Find a Trade Mark by Number

·         Search the Trade Mark Database

·         Search the Official Journal

Other links

TMview

eSearch

WIPO

Tá tuilleadh eolais a fháil maidir le trádmharcanna agus trádmharcanna idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh a chuardach ar fáil trí fhéachaint ar an mbileog eolais úsáideach seo arna hullmhú ag IPR HELPDESK cuardach Trádmharcanna nó í a íoslódáil.