Treoir maidir leis an bhFoirm Iarratais a Chomhlánú

Rannóg a hAon

Sonraí an Iarratasóra

Ba cheart ainm an iarratasóra (ainm an duine aonair nó ainm na Cuideachta) a chur isteach anseo.

Náisiúntacht

Ní úsáidtear an t-eolas seo ach chun críocha staidrimh amháin.

Rannóg a Dó

Ionadaí Dlíthiúil

D’fhéadfadh sé sin a bheith ina Ghníomhaire Trádmharcanna, Dlíodóir nó Abhcóide nó duine atá cáilithe chun gníomhú thar ceann duine eile atá cáilithe chun gníomhú os comhair a nOifige Náisiúnta um Maoin Intleachtúil (laistigh de AE).

Rannóg a Trí

Seoladh le haghaidh na Seirbhíse

Caithfidh sé bheith ina sheoladh le LEE, agus féadfar an seoladh atá tugtha ag 1, nó 2 a úsáid, nó seoladh difriúil inar mian leis an Iarratasóir comhfhreagras a fháil maidir leis an iarratas.

Má theastaíonn uait go ndéanfaidh an Oifig comhfhreagras leat le ríomhphost i ndáil le d’iarratas cuir tic sa bhosca thíos, le do thoil.

Rannóg a Ceathair

Léiriú Mairc

Ba cheart duit cóip de do mharc a chur ar fáil. D’fhéadfadh focal/agus nó pictiúr a bheith i gceist leis sin. Is féidir le trádmharc bheith ina rud éigin eile seachas focal/pictiúr ach caithfear bheith ábalta é a léiriú go grafach. Ní chóir go mbeadh an léiriú níos mó ná 8 cm x 8 cm.

I gcás trádmharc tríthoiseach, is féidir leis an léiriú bheith ina ghrianghraf nó ina líníocht líne. Is féidir líon pictiúr a chur isteach. Ba cheart an pictiúr is fearr a léiríonn an trádmharc a cheangal leis an bhfoirm, agus ba cheart na radhairc bhreise a chur isteach ar bhileoga ar leith.

Rannóg a Cúig

Cineál Mairc

Má bhíonn d’iarratas ar thrádmharc caighdeánach nó ar ghnáth-thrádmharc, mar sin ba cheart tic a chur sa bhosca caighdeánach. Más ceann díobh seo a leanas é an marc, ba cheart tic a chur sa bhosca ábhartha:

Cómharc

Is é seo marc lena ndéantar idirdhealú idir earraí agus seirbhísí ball Cumainn agus earraí agus seirbhísí ball Cumainn eile.

Marc deimhniúcháin

Is é seo marc lena “ndeimhnítear” na hearraí nó na seirbhísí mar chinn ag a bhfuil cáilithe áirithe de chaighdeán ar leith nó saintréithe eile. Ní féidir marc deimhniúcháin a chlárú ach in ainm na n-úinéirí (e.g. cumann trádála) mura dtáirgeann nó mura soláthraíonn siad féin na hearraí nó na seirbhísí.

Sraith trádmharcanna

A 'series' is a number of marks, which resemble each other in their important features and differ, only in minor features, which do not substantially affect the identity of the mark. Click on the link to find more information on what is and is not a Trade Mark Series, including helpful examples.

Marc tríthoiseach

Is é sin nuair a lorgaítear clárú le haghaidh chruth an earra nó an táirge nó an phacáistithe.

Rannóg a Sé

Dath

Má tá dath á éileamh agat mar chuid de do mharc ba cheart duit an rannóg seo a chomhlánú agus na dathanna sonracha a lua. Mura mian leat dath a éileamh mar ghné den mharc ba cheart an rannóg seo a fhágáil folamh.

Rannóg a Seacht

Éileamh ar Thosaíocht

Má chuir tú iarratas isteach chun an trádmharc a chlárú lasmuigh den Stát laistigh de na sé mhí a chuaigh thart ba cheart an fhaisnéis ábhartha i gcás go n-éilítear ceart chun tosaíochta a chur san áireamh.

Nóta: Lena chois sin, ní mór duit cóip dheimhnithe den (gach ceann) doiciméad bunaidh (doiciméid bhunaidh) faoi cheann trí mhí ó d’iarratas Éireannach a chur isteach.

Rannóg a hOcht

Aicme & Earraí agus/nó Seirbhísí

Sa rannóg seo ba cheart duit na hearraí/seirbhísí dár mian leat clárú an mhairc a lorg a liostú. Ba cheart iad sin a ghrúpáil le chéile ina n-aicme iomchuí. Is féidir an aicme iomchuí a fháil in Aicmiú Nice um Earraí agus Seirbhísí. Tá earraí sna haicmí 1-34; Tá seirbhísí sna haicmí 35 go 45. Tabhair do d’aire, le do thoil, nach féidir leat raon feidhme iarratais a leathnú trí earraí/seirbhísí a chur leis an iarratas nuair a bheidh sé curtha isteach.

Rannóg a Naoi

Dearbhú & Síniú

Áirítear leis sin dearbhú maidir le húsáid an mhairc. Ní mór don iarratasóir (iarratasóirí), a nGníomhaire Cláraithe Trádmharcanna, nó a n-ionadaí dlíthiúil an fhoirm iarratais a shíniú agus a dhátú. Má chuirtear an t-iarratas isteach in ainm cuideachta, ba cheart post an duine laistigh den chuideachta atá á shíniú a chur san áireamh chomh maith.

Rannóg a Deich

Táillí a ghabhann leis an iarratas

Ba cheart táille €70 in aghaidh na haicme (atá san áireamh san iarratas) a chur isteach leis an bhfoirm iarratais. Má bhíonn iarratas á dhéanamh ar shraith trádmharcanna (dá bhfuil sé mharc ar a mhéad ceadaithe i sraith) ní mór táille iarratais bhreise €50 a íoc le haghaidh gach ceann den 3ú go dtí an 6ú marc sa tsraith. Mar sin féin, mura bhfuil sé iniata, ní mór an táille a íoc laistigh de mhí amháin ó dháta fála na foirme nó measfar gur tréigeadh an t-iarratas.