Tosaíocht a Éileamh

Féadfaidh iarratasóir ceart chun tosaíochta ar feadh tréimhse 6 mhí a éileamh a bhfuil iarratas déanta aige nó aice cheana ar chlárú an trádmhairc chéanna i dtír atá ina páirtí i gCoinbhinsiún Pháras. Beidh an dáta a cuireadh an t-iarratas níos luaithe isteach ina dháta tosaíochta don iarratas úr ansin.  Tugtar tús áite do chearta na n-iarratasóirí sin thar iarratais eile a cuireadh isteach sa tréimhse tosaíochta maidir leis an trádmharc céanna.

I gcás go n-éilítear tosaíocht in iarratas ar thrádmharc a cuireadh isteach chuig Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, ní mór go ngeofar an ‘doiciméad tosaíochta’ i.e. cóip dheimhnithe den iarratas bunaidh arna chur isteach sa tír bhunaidh tráth nach déanaí ná 3 mhí ó dháta an iarratais. Ba cheart an chóip dheimhnithe sin a fháil ón oifig ina ndearnadh an iarratas níos luaithe seo.

Mar an gcéanna, féadfaidh iarratasóirí tosaíocht a éileamh i stáit eile bunaithe ar iarratas Éireannach níos luaithe agus i gcásanna dá leithéid ba cheart d’iarratasóirí, chun na críocha seo, cóip dheimhnithe a fháil den iarratas Éireannach ar thrádmharc ó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ar íocaíocht na táille forordaithe.