Míniú ar phaitinní

Cosnaíonn paitinní cur chun cinn teicneolaíochta.  Tá táirgí nó próisis fheabhsaithe nó úra incháilithe i leith paitinní.  Le paitinn tugtar an ceart dá sealbhóir, ar feadh tréimhse theoranta, cosc a chur ar dhaoine eile leas a bhaint (é a dhéanamh, a úsáid, a dhíol, a iompórtáil) as an aireagán paitinnithe, ach amháin le cead ó úinéir na paitinne.

Is ionann paitinn agus foirm ‘réadmhaoine tionsclaíche’ ar féidir leis an úinéir í a shannadh, a aistriú, a cheadúnú nó a úsáid.

Tá paitinní críochach agus tugtar ceart eisiach leo sa tír ina gceadaítear an phaitinn ar an gcoinníoll go ndéanfar an phaitinn a athnuachan gach bliain trí tháille athnuachana a íoc, e.g. níl paitinn Éireannach bailí ach in Éirinn amháin (Poblacht na hÉireann amháin).

Má bíonn cosaint á lorg agat i dtíortha eilelasmuigh d’Éirinn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phaitinn sa tír sin. Mar rogha eile air sin, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le hOifig Eorpach na bPaitinní nó leas a bhaint as an gcóras maidir le Conradh Comhair Paitinní. Faigh tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar chosaint phaitinne thar lear anseo.

Chun go dtabharfar paitinn duit, caithfidh aireagán bheith:

  • Ina aireagán úr
  • Ina rud éigin is féidir a dhéanamh agus a úsáid i dtionscal lena n-áirítear talmhaíocht.
  • Céim airgtheach bheith aige – Meastar go mbaineann céim airgtheach le haireagán mura bhfuil sé follasach do dhuine oilte sa réimse sin teicneolaíochta, agus aird á tabhairt ar an teicneolaíocht is úire.

Is féidir le paitinní bheith costasach agus deacair a fháil. Sula ndéanfaidh tú iarratas ba cheart duit a sheiceáil an é paitinn an cineál ceart Maoine intleachtúla le haghaidh do ghnó.

Má mheasann tú go bhfuil paitinn ceart do do ghnó, ba cheart duit smaoineamh ar sheirbhísí aturnae paitinní a fháil chomh maith chun d’iarratas a ullmhú mar is gceart.

Cuimhnigh - ná cuir d’aireagán ar fáil go poiblí sula ndéanfaidh tú iarratas. B’fhéidir go ndéanfaí dochar do phaitinn bhailí a fháil má nochtfar aireagán go poiblí sula ndéanfaí iarratas ar phaitinn.