Cosaint Phaitinne Thar Lear a Fháil

Le paitinn Éireannach is féidir cosc a chur ar dhaoine eile d’aireagán a dhéanamh, a dhíol nó a úsáid ach, cé gur cineál críochach iad paitinní go bunúsach, ní bheidh paitinn Éireannach bailí ach in Éirinn amháin (Poblacht na hÉireann amháin) agus ní thugtar cosaint don sealbhóir in áit ar bith eile.

Má tá sé beartaithe againn d’aireagán a dhíol nó a cheadúnú lasmuigh d’Éirinn, ba chóir duit smaoineamh ar é a chosaint thart lear. Mura bhfuil, ní bheidh tú ábalta d’aireagán a chosaint toisc go bhféadfaidh duine ar bith eile é a dhéanamh, a úsáid nó a dhíol go dlíthiúil thar lear. Má fhaigheann tú cosaint phaitinne lasmuigh d’Éirinn beidh tú ábalta do staid agus do sciar den mhargadh a chosaint i gcás sáraithe.

Má theastaíonn cosaint phaitinne thar dhlínse na hÉireann, tá na roghanna seo a leanas ar fáil:

  • Iarratas faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach

Chun do phaitinn a chosaint i suas le 38 tír Eorpach, is féidir leat iarratas a dhéanamh faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach (CPE).

Is féidir leat d’iarratas a chur isteach chugainn nó go díreach chuig Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP). Déanfar d’iarratas ar Phaitinn Eorpach a phróiseáil mar iarratas aonair, ach a luaithe a dheonófar é beidh sé ina phaitinní ar leith sna tíortha a ainmneoidh tú.

Féadfar cosaint a lorg go hidirnáisiúnta ag baint úsáid as an gConradh Comhair Paitinní (CCP). Is féidir leat d’iarratas CCP a chur isteach trí Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann, nó go dtí chuig an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).

Le hiarratas a dhéantar trí Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann (Oifig Ghlactha) is féidir an t-iarratas a sheiceáil agus a chur ar aghaidh chuig EDMI. Cé gur féidir an t-iarratas a chur isteach ar pháipéar, is féidir iarratais dá leithéid a chur isteach go leictreonach (ePCT) anois ag http://pct.wipo.int/ePCT

Ba cheart a thabhairt faoi deara go laghdófar an táille ar iarratas idirnáisiúnta €200 má chuirtear an t-iarratas isteach i bhfoirm leictreonach. Tá táillí dá leithéid iníoctha le hOifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

Is féidir leat cosaint a fháil i dtíortha aonair san Eoraip trí iarratas a dhéanamh le hoifig náisiúnta gach tíre. Moltar é sin mura dteastaíonn an chosaint uait ach i gcúpla tír. Ba cheart duit comhairle a fháil ó oifig náisiúnta na bpaitinní i dtír ar bith ina dteastaíonn cosaint uait.

Soláthraítear rochtain ar shuíomh gréasáin   Innovaccess ar eolas ginearálta maidir le ceisteanna maoine intleachtúla, lena n-áirítear nósanna imeachta iarratais/deonta/clárúcháin agus costais, i mballstáit AE.

B’fhéidir go mbeadh ort aistriúcháin de d’iarratas ar phaitinn a chur isteach chun cosaint phaitinne a fháil i dtíortha áirithe.

Is féidir leat tosaíocht a éileamh ó iarratas ar phaitinn atá ann cheana má dhéanamh tú iarratas thar lear laistigh de 12 mhí ó d’iarratas bunaidh. Déileálfar le d’iarratas níos déanaí amhail is dá ndearna tú iarratas ar an lá céanna leis an iarratas bunaidh.

D’fhéadfadh sé a bheith ina phróiseas casta iarratas a dhéanamh ar phaitinn agus molaimid go lorgófá cúnamh ó aturnae paitinní sula ndéanfaidh tú amhlaidh.