CINEÁLACHA PAITINNÍ

Tá dhá chineál paitinne Éireannaí ar fáil.

(1) Paitinní lántréimhse

Leis an bpaitinn seo is féidir leis an gceapadóir/iarratasóir cosaint suas le 20 bliain a fháil. Chun go ndeonófar paitinn lántréimhse, ní mór don iarratasóir an cruthúnas ar nuacht an aireagáin a chur ar fáil. Is féidir é seo a dhéanamh trí “Cuardaigh Tuarascáil agus Tuairim" a iarraidh ón Oifig, nó trí chruthúnas ar nuacht a chur isteach.

Déanfar scrúdú substainteach ar iarratais ar phaitinní lántréimhse a chuirfear isteach i ndiaidh an 19 Bealtaine 2017. Le scrúdú substainteach seiceáiltear an bhfuil d’aireagán núíosach nó nach bhfuil, an bhfuil céim airgtheach leis agus an féidir é a chur i bhfeidhm go tionsclaíoch. Seiceáiltear leis chomh maith go dtagann do chur síos agus d’éilimh le chéile agus gur féidir d’aireagán a phaitinniú agus bheith maith go leor lena phaitinniú.

(2) Paitinní gearrthéarmacha

Ceaptar paitinní gearrthéarmacha chun cuidiú le ceapadóirí níos lú. D’fhéadfadh na paitinní sin a bheith oiriúnach chomh maith i gcás go bhfuiltear ag dréim le saolré margaidh níos lú, nó aireagáin nach bhfuil casta ón taobh teicneolaíoch. Maireann na paitinní sin ar feadh deich mbliana ar a mhéad, agus ní chaithfidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nuacht an aireagáin a chur ar fáil. Leis sin déantar laghdú go bunúsach ar na costais agus ar an bhfad ama a bhaineann le bheith páirteach in aireagán a phaitinniú.

Toisc go mbíonn nósanna imeachta níos simplí go ginearálta, is féidir scrúdú a dhéanamh ar phaitinní gearrthéarmacha go measartha gasta, laistigh de 12 mhí de ghnáth ón dáta ar a ndearnadh an t-iarratas má bhíonn na riachtanais ceart agus má comhlíonadh iad. Má dhéantar iarratais ar phaitinn ghearrthéarmach agus ar phaitinn lántréimhse araon i ndáil leis an aireagán céanna, beidh an phaitinn ghearrthéarmach neamhbhailí nuair a dheonófar an phaitinn lántréimhse.

Le roinnt eisceachtaí, tá feidhm ag na forálacha a bhaineann le hiarratais ar phaitinn lántréimhse agus ar phaitinní maidir le hiarratais ar phaitinn ghearrthéarmach agus paitinní gearrthéarmach chomh maith. Is iad seo a leanas na príomheisceachtaí:

1.Ní mór nach mbeidh níos mó ná cúig éileamh i sonraíocht iarratais ar phaitinn ghearrthéarmach. Beidh na ceanglais a bhaineann le nuacht agus le hinfheidhmeacht thionsclaíoch i bhfeidhm ach in ionad neamhshoiléireachta, is leor é nach “bhfuil easpa shoiléir céim airgtheach” ag an aireagán.

2.Ní dhéantar scrúdú substainteach ar phaitinní gearrthéarmacha agus níl gá le tuarascáil chuardaigh ná fianaise ar nuacht i bhfoirm sonraíochta paitinne eachtraí ionas go ndeonófaí paitinn ghearrthéarmach.

3.Níl sa táille don iarratas, an táille deonta agus na táillí athnuachana ach 50% de na táillí maidir le paitinn lántréimhse; agus go ginearálta bíonn na nósanna imeachta níos simplí. Beidh suim faoi leith ag fiontair bheaga agus ag ceapadóirí aonair ann sin.

4.Is féidir imeachtaí um shárú a thabhairt os comhair na Cúirte Cuarda (nó san Ard-Chúirt, mar a éilítear le haghaidh paitinní lántréimhse) beag beann ar mhéid an éilimh. Sula dtionscnófar caingean maidir le sárú ní mór d’úinéir na paitinne gearrthéarmaí (a) a iarraidh ar an Rialaitheoir tuarascáil chuardaigh a ullmhú agus cóip di a sheoladh chuig an té a deirtear a rinne an sárú nó (b) má bhíonn tuarascáil chuardaigh eachtraigh nó sonraíocht phaitinne ar fáil, cóipeanna de na tuarascálacha sin a chur ar fáil don Rialaitheoir agus don té a deirtear a rinne an sárú. Foilsíonn an Rialaitheoir na tuarascálacha dá dtagraítear ag (a) nó (b).

5.Is féidir le duine seachas úinéir na paitinne gearrthéarmaí lena n-éilítear cuardach nuachta óna leasanna dlisteanacha gnó agus ar féidir leis nó léi forais a thabhairt lena ceapadh go bhfuil easpa nuachta leis an aireagán nó gur léir go bhfuil easpa céim airgtheach leis a iarraidh ar an Rialaitheoir tuarascáil chuardaigh a ullmhú. Foilsíodh an Rialaitheoir an cineál sin tuarascála.