BUNTÁISTÍ A BHAINEANN LE CLÁRÚ PAITINNE

Le paitinn dá leithéid tugtar cearta eisiacha dlíthiúla maidir le leas a bhaint as aireagán, tugtar an deis is fearr don úinéir léi le brabús a dhéanamh ón aireagán trí chosc a chur ar dhaoine eile é a chóipeáil. Ní theastaíonn paitinn ó cheapadóir chun leas a bhaint as aireagán; ach gan paitinn ní bheadh an ceapadóir ábalta cosc a chur ar dhaoine eile an t-aireagán a chóipeáil.

Ní bhíonn ceapadóirí agus corruair cuideachtaí ábalta a n-aireagán a tháirgeadh nó a chur ar an margadh óna n-acmhainní féin go minic. Le paitinní, agus iad ina bhfoirm réadmhaoine tráchtála, soláthraítear an bonn d’úinéirí chun:

  • idirbheartaíocht a dhéanamh le hinfheisteoirí ionchasacha nó comhpháirtithe gnó eile agus a gcearta um maoin intleachtúil á gcosaint acu.
  • duine eile a cheadúnú lena n-aireagán a mhonarú ar théarmaí comhaontaithe, nó
  • caingean dhlíthiúil a thionscnamh in éadan daoine a bhfuil an t-aireagán paitinnithe á úsáid acu gan chead.

Leis an tsúil go bhféadfaí brabúis a dhéanamh ón bhfoirm speisialta chosanta seo cuirtear gníomhaíocht taighde chun cinn agus tugtar dreasacht le haghaidh infheistíocht úr. D’fhéadfadh ioncam a fhaightear ón aireagán paitinnithe a ceadaíodh i ndiaidh scrúdú substainteach maidir le nuacht agus céim airgtheach agus ábhar T&F bheith incháilithe i leith cóir chánach fhabhrach speisialta

É a Phaitinniú nó gan é a Phaitinniú

Má tá gléas, modh, próiseas nó substaint úr nó fheabhsaithe forbartha ag do chuideachta, ba cheart cinneadh faoi cé acu ar cheart iarratas a dhéanamh ar phaitinn nó nár cheart bheith mar chuid de straitéis ghnó do chuideachta.

Ba cheart duit an méid seo a leanas a chur san áireamh:

Cad iad na tairbhí tráchtála is féidir a fháil agus an mbeidh an toradh níos mó ná an t-am, an iarracht agus an t-airgead a theastódh chun an phaitinn a fháil agus a choinneáil.

  • Cad iad na tíortha ina bhfuil do mhargaí agus cé hiad d’iomaitheoirí.
  • An laghdódh monaplacht phaitinne an baol go sáródh duine éigin do phaitinn.
  • •An bhfuil na hacmhainní airgeadais agat chun an chosaint phaitinne a fháil sna tíortha ina bhfuil sé beartaithe agat d’aireagán a chur ar an margadh.
  • Cad iad na hiarmhairtí a bheadh ann i gcás go ndéanfadh duine éigin eile an t-aireagán céanna nó aireagán an-chosúil a fhorbairt go neamhspleách.

I ndiaidh breathnú ar na ceisteanna, d’fhéadfá a chinneadh nach é iarratas a dhéanamh ar phaitinn an rogha is fearr do do chuideachta. Más próiseas é, d’fhéadfá a chinneadh an t-aireagán a choinneáil mar rún trádála.

  • Mar mhalairt air sin, d’fhéadfá a chinneadh iarracht a dhéanamh bheith ar an gcéad duine ar an margadh agus sonraí faoi d’aireagán a fhoilsiú/a fhógairt. Cuirfidh sé sin cosc ar dhuine eile paitinn a fháil ina leith agus monaplacht tráchtála a fháil dá réir sin. Mar sin féin, bheadh gnóthais iomaitheora ábalta ais-innealtóireacht a dhéanamh air nó é a úsáid chun a dtairbhe féin.

Is cinneadh nach mór breathnú go cúramach air é cé acu an é a phaitinniú nó gan é a phaitinniú. D’fhéadfadh sé bheith ina ghnás casta agus costasach paitinn a fháil. Doiciméad dlíthiúil is ea sonraíocht phaitinne agus teastaíonn scileanna speisialtóra chun é a dhréachtú mar is ceart. Beidh an seans go bhfaighfeá paitinn úsáideach i bhfad níos mó má bhaineann tú leas as aturnae paitinní. Mar sin sula ndéanfaidh tú cinneadh ba cheart duit smaoineamh ar dhul i gcomhairle le registered patent attorney

Rúndacht

Tá sé thar a bheith tábhachtach do smaoineamh a choinneáil faoi rún go dtí go mbeidh sé faoi chosaint. Má bhíonn tú ag labhairt le daoine eile faoi do smaoineamh, bain úsáid as comhaontú rúndachta le cosc a chur orthu do smaoineamh a nochtadh gan chead. Ní dhéanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann d’aireagán a nochtadh nó a chur ar fáil don phobal go dtí 18 mí i ndiaidh dháta an iarratais nó dáta tosaíochta - cibé acu is túisce.

Botún coitianta a dhéanann taighdeoirí, ceapadóirí agus cuideachtaí ná a n-aireagán a nochtadh sula ndéanann siad iarratas ar chosaint phaitinne. Má chuir tú d’aireagán os comhair an phobail, d’fhéadfá an deis go dtabharfaí paitinn duit a chailleadh.

Dá réir sin, tá sé thar a bheith riachtanach nach nochtfá d’aireagán lasmuigh de do chuideachta sula ndéanfaidh tú iarratas ar an bpaitinn. Áirítear ar shamplaí de chásanna ina ndearna daoine ‘botún’ agus ina bhféadfadh go ndearna siad a bpaitinní féin neamhbhailí:

  • ábhair mhargaíochta agus fhógraíochta a eisiúint,
  • táirge a chur ar an margadh,
  • an margadh a thástáil roimh an seoladh, pleananna a phlé le custaiméirí nó fréamhshamhlacha a thaispeáint dóibh,
  • alt nó páipéar taighde a fhoilsiú ina nochtar an t-aireagán,
  • an t-aireagán a nochtadh ar an teilifís,
  • an t-aireagán a phlé sa teach tábhairne le cairde.

Beidh comhrá ar bith a bheidh agat le haturnae paitinní nó dlíodóir faoi rún, mar sin ní áireofar rud ar bith a déarfá mar d’aireagán a nochtadh luath. Mar sin féin, ná glac leis go bhfuil comhráite le comhairleoirí nó le daoine eile rúnda go huathoibríoch. Sula rachaidh tú i mbun plé le comhairleoir gnó, comhpháirtí, infheisteoir nó monaróir féideartha, ba cheart duit a iarraidh orthu comhaontú rúndachta a shíniú. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh siad gach rud a inseoidh tú dóibh a choinneáil faoi rún. Is féidir le haturnae paitinní, dlíodóir nó comhairleoir dlíthiúil comhaontú rúndachta a ullmhú duit.