Próiseas Scrúdaithe

Sannadh an dáta comhdaithe agus uimhir an iarratais

Is é an dáta comhdaithe a bheidh ann le haghaidh iarratais ar chlárú dearadh an dáta ar a n-íocfaidh an t-iarratasóir táille fhorordaithe an chomhdaithe agus ar a gcuirfidh sé nó sí doiciméid isteach chuig Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann ina mbeidh san fhoirm fhorordaithe -

  • iarratas ar chlár dearaidh nó dearaí
  • pictiúr den dearadh agus nó de na dearaí atá oiriúnach lena n-atáirgeadh, agus
  • ainm agus seoladh an iarratasóra.

Nuair a fhaightear iarratas ina bhfuil an t-eolas íosta a theastaíonn, ar an gcéad dul síos, eisítear admháil i ndáil leis an táille fhorordaithe agus eisítear é seo laistigh de 2 lá ón táille a fháil de ghnáth.

Ansin sanntar dáta comhdaithe agus uimhir an iarratais, agus eisítear admháil chomhdaithe laistigh de 7 lá oibre de ghnáth.

Le haghaidh il-iarratais, leithdháiltear uimhreacha iarratais ar na dearaí ar fad san il-iarratas, agus comhfhreagróidh gach ceann díobh le ceann de na dearaí a bheidh san il-iarratas. Mar an gcéanna, leithdháiltear uimhir chlárúcháin ar leith ar gach ceann de na dearaí ar chlárú.

Athbhreithniú ag scrúdaitheoir

Seiceálann scrúdaitheoir an t-iarratas ansin lena dhearbhú gur comhlíonadh na ceanglais fhoirmiúla. Má bhíonn fiosrú ag an scrúdaitheoir nó má iarrann sé nó sí soiléireacht, rachfar i dteagmháil leis an iarratasóir agus tabharfar am dó nó di le freagra a thabhairt.

Deimhniú clárúcháin agus foilsiú

Nuair a ghlactar leis an iarratas agus chun é a chlárú, cláraítear ansin é agus eisítear deimhniú clárúcháin chuig an úinéir. Foilsítear clárú an dearaidh san Iris. I roinnt cásanna, ní dhéanfar é sin láithreach i ndiaidh an chláraithe, mar shampla, má bhíonn iarratas ann chun an foilsiú a chur siar agus má bhíonn an tréimhse cur siar fós ar siúl. Cuimsítear san fhógra a fhoilsítear san Iris pictiúr den dearadh. Má chuirtear níos mó ná pictiúr amháin den dearadh isteach, is é an pictiúr a fhoilseofar, de ghnáth, an chéad cheann sa tsraith a cuireadh isteach, murar iarr an tIarratasóir a mhalairt. Tá an Iris ar fáil lena híoslódáil ar líne nó is féidir cóipeanna a cheannach ó Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

Fad an chlárúcháin

Nuair a chláraítear dearadh, tugtar cosaint ar feadh tréimhse 5 bliana ar dtús. Is féidir cosaint a athnuachan ar feadh ceithre thréimhse cúig bliana eile (ar íocaíocht na táille forordaithe), rud a fhágann go dtugtar cosaint 25 bliain ar a mhéad ó dháta an chlárúcháin.